Cuirfidh curaithe na hÉireann Ciarraí fáilte roimh Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo chugainn agus beidh Dún na nGall ag taisteal chun na hArdcathrach sa tarraingt atá déanta do Bhabhta a 3 den Chraobh Peile.
Ar a bhfód féin a bheidh Maigh Eo in aghaidh na Mí, agus rachaidh an Iarmhí go Muineachán.
Beidh sé dian ar Ard Mhacha a ghabhail chun na Ríochta tar éis an mhothú a bheith bainte astu inné agus iad buailte le cic dheireanach na coimhlinte – cúl ag Sam Mulroy – i mBabhta a 2A in aghaidh Chontae Lú in Inis Caoin.
Is beag deacracht a bhí ag Ciarraí ag fáil an lámh in uachtar ar Chill Dara.
Bhí Ger Brennan ar ais ar an taobhlíne tar éis 12 seachtainí ar fionraí agus Baile Átha Cliath ag sárú an Chabháin ar Pháirc Bhréifne, agus dúirt sé tar éis an chluiche gur bhfearr leis féin dá n-imreofaí an chéad bhabhta eile ar Pháirc Parnell seachas ar Pháirc an Chrócaigh.
Níl aon socrú déanta fós faoi am agus ionad na gcluichí i mBabhta a 3:
Muineachán v An Iarmhí
Baile Átha Cliath v Dún na nGall
Maigh Eo v An Mhí
Ciarraí v Ard Mhacha
Sa tarraingt eile a déanadh ar maidin, na cluichí leathcheannais i gCorn Tailteann a bheidh á n-imirt ar Pháirc an Chrócaigh Dé Sathairn, tabharfaidh Uíbh Fhailí aghaidh ar Chill Mhantáin agus beidh an Dún le Fear Manach.


