Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Ciarraí agus Ard Mhacha, Áth Cliath le Dún na nGall

15 MEITHEAMH 2026, 09:08

Jack O'Connor agus Kieran McGeeney le bheith in aghaidh a chéile an athuair
Twitter Facebook

Cuirfidh curaithe na hÉireann Ciarraí fáilte roimh Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo chugainn agus beidh Dún na nGall ag taisteal chun na hArdcathrach sa tarraingt atá déanta do Bhabhta a 3 den Chraobh Peile.

 Kobe McDonald of Mayo in action against Niall Devlin of Tyrone - 2026 All-Ireland SFC
Kobe McDonald Mhaigh Eo ag gabháil thar Niall Devlin Thír Eoghain.

Ar a bhfód féin a bheidh Maigh Eo in aghaidh na Mí, agus rachaidh an Iarmhí go Muineachán.

 Conall McCaul of Louth celebrates after his side's winning goal, after the ball dropped into the net from the hands of Armagh goalkeeper Ethan Rafferty - 2026 All-Ireland SFC
Conall McCaul an Lú ag ceiliúradh tar éis d'iarracht Sam Mulroy a ghabháil go heangach ó lámha chúlbáire Ard Mhacha Ethan Rafferty.

Beidh sé dian ar Ard Mhacha a ghabhail chun na Ríochta tar éis an mhothú a bheith bainte astu inné agus iad buailte le cic dheireanach na coimhlinte – cúl ag Sam Mulroy – i mBabhta a 2A in aghaidh Chontae Lú in Inis Caoin.

13 June 2026; Seán O'Brien of Kerry in action against Brendan Gibbons and Kevin Feely, 8, of Kildare during the GAA Football All-Ireland Senior Championship Round 2B match between Kildare and Kerry at Cedral St Conleth's Park in Newbridge, Kildare. Photo by Piaras Ó Mídheach/Sportsfile
Seán O'Brien Chiarraí ag coimhlint le Brendan Gibbons agus Kevin Feely Chill Dara.

Is beag deacracht a bhí ag Ciarraí ag fáil an lámh in uachtar ar Chill Dara.

14 June 2026; Dublin manager Ger Brennan and Cavan manager Dermot McCabe after the GAA Football All-Ireland Senior Championship Round 2B match between Cavan and Dublin at Kingspan Breffni in Cavan. Photo by Tyler Miller/Sportsfile
Saoiste Átha Cliath Ger Brennan agus bainisteoir an Chabháin Dermot McCabe tar éis an chomhraic inné.

Bhí Ger Brennan ar ais ar an taobhlíne tar éis 12 seachtainí ar fionraí agus Baile Átha Cliath ag sárú an Chabháin ar Pháirc Bhréifne, agus dúirt sé tar éis an chluiche gur bhfearr leis féin dá n-imreofaí an chéad bhabhta eile ar Pháirc Parnell seachas ar Pháirc an Chrócaigh.

Níl aon socrú déanta fós faoi am agus ionad na gcluichí i mBabhta a 3:

Muineachán v An Iarmhí

Baile Átha Cliath v Dún na nGall

Maigh Eo v An Mhí

Ciarraí v Ard Mhacha

Sa tarraingt eile a déanadh ar maidin, na cluichí leathcheannais i gCorn Tailteann a bheidh á n-imirt ar Pháirc an Chrócaigh Dé Sathairn, tabharfaidh Uíbh Fhailí aghaidh ar Chill Mhantáin agus beidh an Dún le Fear Manach.

' />