Tá sé fógartha ag Aer Lingus go bhfuil rún acu suas le 500 fostaí a ligean chun siúil mar chuid de phlean líon eitiltí na haerlíne a laghdú 6%.
290 oibrí i gceannáras an chomhlachta, 149 oibrí criú agus 70 píolóta na fostaithe atá i gceist, a dúradh.
Thug Aer Lingus le fios gur le fonn éifeachtúlacht costais agus táirgiúlacht an chomhlachta a fheabhsú atá siad ag tabhairt faoi na ciorruithe seo.
Tá gá leis na ciorruithe, arsa siad, chun infheisteoirí a mhealladh i bhfianaise chomh luaineach agus atá an tionscal eitleoireachta ar na saolta seo.
Dúradh go deimhin gur chaill an comhlacht €103 milliún sa chéad ráithe den bhliain seo.
Mar le cúrsaí iomarcaíochta, thug Aer Lingus le fios go rachaidh siad i gcomhairle le hionadaithe na bhfostaithe atá i gceist le súil líon na ndaoine a ligfear chun siúil a choinneáil chomh híseal agus is féidir.
Thart ar 6,000 duine atá fostaithe ag Aer Lingus faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


