Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Suas le 500 oibrí le ligean chun siúil ag Aer Lingus

16 IÚIL 2026, 11:04

Ciorruithe suntasacha fógartha ag Aer Lingus
Twitter Facebook

Tá sé fógartha ag Aer Lingus go bhfuil rún acu suas le 500 fostaí a ligean chun siúil mar chuid de phlean líon eitiltí na haerlíne a laghdú 6%.

290 oibrí i gceannáras an chomhlachta, 149 oibrí criú agus 70 píolóta na fostaithe atá i gceist, a dúradh.

Thug Aer Lingus le fios gur le fonn éifeachtúlacht costais agus táirgiúlacht an chomhlachta a fheabhsú atá siad ag tabhairt faoi na ciorruithe seo.

Tá gá leis na ciorruithe, arsa siad, chun infheisteoirí a mhealladh i bhfianaise chomh luaineach agus atá an tionscal eitleoireachta ar na saolta seo.

Dúradh go deimhin gur chaill an comhlacht €103 milliún sa chéad ráithe den bhliain seo.

Mar le cúrsaí iomarcaíochta, thug Aer Lingus le fios go rachaidh siad i gcomhairle le hionadaithe na bhfostaithe atá i gceist le súil líon na ndaoine a ligfear chun siúil a choinneáil chomh híseal agus is féidir.

Thart ar 6,000 duine atá fostaithe ag Aer Lingus faoi láthair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ