Ionsaíodh agus gortaíodh go dona bean sna caogaidí i séipéal i dTrá Mhór i gCo Phort Láirge ar maidin inniu.
Tharla an t-ionsaí agus an Choróin Mhuire á rá roimh Aifreann an 10 a chlog i Séipéal na Croise Naofa i gCnoc an tSamhraidh.
Tugadh an bhean chuig Ospidéal Ollscoile Phort Láirge, áit a ndeirtear go bhfuil sí go dona tinn ach nach bhfuil a beatha i mbaol.
Ghabh na Gardaí fear sna tríochaidí i dteach in aice leis an séipéal agus thóg siad scian freisin.
Tuigtear go bhfuil aithne mhaith ar an bhfear sa phobal áitiúil agus go bhfuil sé ina chónaí i dTrá Mhór le fada.
I ráiteas ó Dheoise Phort Láirge agus Leasa Móire, dúradh go rabhthas suaite go mór ag an eachtra foréigin agus go rabhthas ag guí ar son na mná a ionsaíodh.
Moladh sa ráiteas chomh maith misneach na bparóisteach a tháinig i gcabhair ar an mbean agus í á hionsaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


