Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ionsaí ar bhean i séipéal i gCo Phort Láirge

21 IÚIL 2026, 17:56

Ionsaíodh an bhean i Séipéal na Croise Naofa i gCnoc an tSamhraidh (Pic: Kyle Butler/WLR)
Twitter Facebook

Ionsaíodh agus gortaíodh go dona bean sna caogaidí i séipéal i dTrá Mhór i gCo Phort Láirge ar maidin inniu.

Tharla an t-ionsaí agus an Choróin Mhuire á rá roimh Aifreann an 10 a chlog i Séipéal na Croise Naofa i gCnoc an tSamhraidh.

Tugadh an bhean chuig Ospidéal Ollscoile Phort Láirge, áit a ndeirtear go bhfuil sí go dona tinn ach nach bhfuil a beatha i mbaol.

Ghabh na Gardaí fear sna tríochaidí i dteach in aice leis an séipéal agus thóg siad scian freisin.

Tuigtear go bhfuil aithne mhaith ar an bhfear sa phobal áitiúil agus go bhfuil sé ina chónaí i dTrá Mhór le fada.

I ráiteas ó Dheoise Phort Láirge agus Leasa Móire, dúradh go rabhthas suaite go mór ag an eachtra foréigin agus go rabhthas ag guí ar son na mná a ionsaíodh.

Moladh sa ráiteas chomh maith misneach na bparóisteach a tháinig i gcabhair ar an mbean agus í á hionsaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ