Tá cóir leighis á chur san ospidéal ar fhear ar bhain siorc gorm greim as a chos amach ó chósta Phort Láirge inné.
Bhí Sebastian Achim ag iascaireacht ar bhád beag cúig mhéadar ar a fhad ó dheas ó Aird Mhór nuair a tharla an eachtra go gairid tar éis 4.15 tráthnóna inné.
Bhí cúigear ar an mbád ag an am.
Is cosúil gur bhain an siorc greim as Sebastian Achim nuair a thóg sé ar bord an bháid é.
Tháinig Garda Cósta na hÉireann i gcabhair ar Sebastian Achim agus tugadh é chun an ospidéil i gCorcaigh ar héileacaptar tarrthála 117 atá bunaithe i bPort Láirge.
Bhí báid tarrthála as Eochaill agus as Baile Choitín bainteach freisin leis an tarrtháil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


