Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Greim bainte ag siorc as cos iascaire i bPort Láirge

12 LÚNASA 2026, 17:33

Tá Sebastian Achim ag teacht chuige féin san ospidéal i gCorcaigh (Pic: All About Cork with Paul Byrne)
Twitter Facebook

Tá cóir leighis á chur san ospidéal ar fhear ar bhain siorc gorm greim as a chos amach ó chósta Phort Láirge inné.

Bhí Sebastian Achim ag iascaireacht ar bhád beag cúig mhéadar ar a fhad ó dheas ó Aird Mhór nuair a tharla an eachtra go gairid tar éis 4.15 tráthnóna inné.

Bhí cúigear ar an mbád ag an am.

Is cosúil gur bhain an siorc greim as Sebastian Achim nuair a thóg sé ar bord an bháid é.

Tháinig Garda Cósta na hÉireann i gcabhair ar Sebastian Achim agus tugadh é chun an ospidéil i gCorcaigh ar héileacaptar tarrthála 117 atá bunaithe i bPort Láirge.

Bhí báid tarrthála as Eochaill agus as Baile Choitín bainteach freisin leis an tarrtháil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ