Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Cairde cléibh a bhí i James agus Noreen McHugh'

15 AUGUST 2026, 16:00

Noreen agus James McHugh (Íomhá ó RIP)
Twitter Facebook

Ag Aifreann sochraide James agus Noreen McHugh i gContae Dhún na nGall inniu dúradh gur cairde cléibh a bhí iontu agus beirt a mhair dá chéile i gcónaí.

Maraíodh an t-iar pheileadóir contae iomráiteach James McHugh i dtimpiste bóthair i gContae an Chabháin ag tús na seachtaine.

Bhásaigh a bhean chéile,Noreen ina dhiaidh sin san ospidéal.