Ag Aifreann sochraide James agus Noreen McHugh i gContae Dhún na nGall inniu dúradh gur cairde cléibh a bhí iontu agus beirt a mhair dá chéile i gcónaí.
Maraíodh an t-iar pheileadóir contae iomráiteach James McHugh i dtimpiste bóthair i gContae an Chabháin ag tús na seachtaine.
Bhásaigh a bhean chéile,Noreen ina dhiaidh sin san ospidéal.


