Séamus Ó Scanláin
Bhí barúil mhór don bheirt acu agus chuile shúil ag na hÉireannaigh go mbeadh lúthchleasaí amháin díobh ar a laghad ag fáil boinn de dhath éigin ag Comórtas na hEorpa anocht.
Faraor áfach níl aon mhaith déanta againn sa rás ceannais 1500m i Birmingham.
Sa cúigiú háit a chríochnaigh Sarah Healy, beagán le cois 3 shoicind nó 12 méadar chun deiridh ar an mbuaiteoir Georgia Hunter Bell, an bhean ón mBreatain a bhí cumasach síos tríd ag dul thimpeall an raon reatha faoi cheathair nach mór.
Bhí cuma na maitheasa ar Sarah Healy i bhfoisceacht 500 méadar amach ó cheann scríbe.
Ach ansin an mí-ádh mór, nár theagmhaigh a cois le sáil iomaitheoir eile agus chaith go hiomlán dá buille í ba chosúil.
Chuir sin bean Bhaile Átha Cliath go hiomlán as an iomaíocht.
Sa hochtú háit a chríochnaigh Sarah O'Sullivan, iníon ar ndóigh leis an iar-sheaimpín dhomhanda,Sonia O'Sullivan.
Bhí sise í féin ag tabhairt na n-amhóg léi go cumasach ach nuair a thug na piardaí mór chun na boinn é ar an timpeall deiridh ní raibh aon fhreagra ag an Éireannach sin ach an oiread.
Comhghairdeachas mar sin le Georgia Hunter Bell a fuair an bonn óir.


