Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Díomá do Healy agus O'Sullivan i rás mór an 1,500m

16 LÚNASA 2026, 22:22

An rás 1500m, Hunter Bell an buaiteoir (lár báire geansaí gorm)
Twitter Facebook

Séamus Ó Scanláin

Bhí barúil mhór don bheirt acu agus chuile shúil ag na hÉireannaigh go mbeadh lúthchleasaí amháin díobh ar a laghad ag fáil boinn de dhath éigin ag Comórtas na hEorpa anocht.

Faraor áfach níl aon mhaith déanta againn sa rás ceannais 1500m i Birmingham.

16 August 2026; Sarah Healy of Ireland, left, after the women's 1500m final during day seven of the European Athletics Championships 2026 at Alexander Stadium in Birmingham, England. Photo by Sam Barnes/Sportsfile
Sarah Healy (ar chlé) le hais Patricia Silva ón bPortaingéil a chríochnaigh sa 3ú háit

Sa cúigiú háit a chríochnaigh Sarah Healy, beagán le cois 3 shoicind nó 12 méadar chun deiridh ar an mbuaiteoir Georgia Hunter Bell, an bhean ón mBreatain a bhí cumasach síos tríd ag dul thimpeall an raon reatha faoi cheathair nach mór.

Bhí cuma na maitheasa ar Sarah Healy i bhfoisceacht 500 méadar amach ó cheann scríbe.

Ach ansin an mí-ádh mór, nár theagmhaigh a cois le sáil iomaitheoir eile agus chaith go hiomlán dá buille í ba chosúil.

Chuir sin bean Bhaile Átha Cliath go hiomlán as an iomaíocht.

Sa hochtú háit a chríochnaigh Sarah O'Sullivan, iníon ar ndóigh leis an iar-sheaimpín dhomhanda,Sonia O'Sullivan.

Bhí sise í féin ag tabhairt na n-amhóg léi go cumasach ach nuair a thug na piardaí mór chun na boinn é ar an timpeall deiridh ní raibh aon fhreagra ag an Éireannach sin ach an oiread.

Comhghairdeachas mar sin le Georgia Hunter Bell a fuair an bonn óir.

' />