Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An t-aicsean déanta ag Kate O'Connor

16 AUGUST 2026, 22:27

Kate O'Connor ag glacadh lena bonn óir, gaisce eile déanta ag na hÉireannaigh thall i Birmingham
Twitter Facebook

Séamus Ó Scanláin

Tá a hainm greannta anois in annála na lúthchleasaíochta ag an Éireannach Kate O'Connor.

Is le bean Chontae Lú an Bonn Óir i gComórtas an Heaptatlain agus a gradam tuillte go maith aici.

Chríochnaigh sí sách ard ina 7ú mír aréir i Birmingham i Sasana, ba é sin an Rás 800m.

Bhí sí chun tosaigh a bhuíochas dá taispeántas sa 6 mhír roimhe sin agus choinnigh sí a greim aréir agus an bonn óir tuillte go maith aici.

Runner after race
Andrew Coscoran

D'éirigh le hÉirinn bonn eile a bhuachan aréir ar an raon reatha nuair a chríochnaigh Andrew Coscoran sa 3ú háit i Rás Ceannais 1500m na hEorpa.

Seo an chéad bhonn i gcomórtas mór faoin aer ag fear Bhaile Átha Cliath agus chríochnaigh an cúrsa i 3:36.24.