Séamus Ó Scanláin
Tá a hainm greannta anois in annála na lúthchleasaíochta ag an Éireannach Kate O'Connor.
Is le bean Chontae Lú an Bonn Óir i gComórtas an Heaptatlain agus a gradam tuillte go maith aici.
Chríochnaigh sí sách ard ina 7ú mír aréir i Birmingham i Sasana, ba é sin an Rás 800m.
Bhí sí chun tosaigh a bhuíochas dá taispeántas sa 6 mhír roimhe sin agus choinnigh sí a greim aréir agus an bonn óir tuillte go maith aici.
D'éirigh le hÉirinn bonn eile a bhuachan aréir ar an raon reatha nuair a chríochnaigh Andrew Coscoran sa 3ú háit i Rás Ceannais 1500m na hEorpa.
Seo an chéad bhonn i gcomórtas mór faoin aer ag fear Bhaile Átha Cliath agus chríochnaigh an cúrsa i 3:36.24.


