Tháinig na seirbhísí tarrthála ar chorp fir san fharraige amach ó chósta iarthar Chorcaí ar maidin inniu.
Chuaigh an fear ag iascaireacht i mbád as cé Bhaile Chaisleáin Bhéarra aréir agus cuireadh fios ar na seirbhísí tarrthála nuair a chonacthas smionagar báid san uisce gar do cheann tíre Dhún Rua go gairid tar éis 7 a chlog ar maidin.
Is cosúil go ndeachaigh an bád ar na carraigeacha.
Fear áitiúil ab ea an té a bádh agus is sna caogaidí a bhí sé.
Tugadh corp an fhir go hOspidéal na hOllscoile i gCorcaigh, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis áir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


