Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Corp iascaire faighte san fharraige in iarthar Chorcaí

01 MEÁN FÓMHAR 2026, 11:09

Bád tarrthála Bhaile Chaisleáin Bhéarra (Pic: Cartlann)
Twitter Facebook

Tháinig na seirbhísí tarrthála ar chorp fir san fharraige amach ó chósta iarthar Chorcaí ar maidin inniu.

Chuaigh an fear ag iascaireacht i mbád as cé Bhaile Chaisleáin Bhéarra aréir agus cuireadh fios ar na seirbhísí tarrthála nuair a chonacthas smionagar báid san uisce gar do cheann tíre Dhún Rua go gairid tar éis 7 a chlog ar maidin.

Is cosúil go ndeachaigh an bád ar na carraigeacha.

Fear áitiúil ab ea an té a bádh agus is sna caogaidí a bhí sé.

Tugadh corp an fhir go hOspidéal na hOllscoile i gCorcaigh, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis áir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ