Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Dóchas i Neipeal go bhfuil 46 oibrí fós ina mbeatha i dtollán

02 SEPTEMBER 2026, 14:57

Seaicéad gan smál: bean buíoch as an mbeagán tar éis don mhaidhm thuile a teach a scriosadh i réigiún Dhading i Neipeal
Twitter Facebook

Tá na húdaráis i Neipeal dóchasach go bhfuil beagnach leathchéad oibrí atá sáinnithe i dtollán ansin fós ina mbeatha seachtain ó tharla maidhm mhór thuile sa cheantar sléibhe ar an teorainn idir í agus an Tibéid.

Is cosúil go bhfuil na hoibrithe sáinnithe i seomra faoi thalamh sa tollán in ionad hidreachumhachta.

Dúirt urlabhraí ó údarás leictreachais Neipeal go bhfuil bia agus uisce san áit a bhfuil an 46 oibrí.

Tá 279 duine tugtha slán ag lucht tarrthála ó tholláin agus ó áiteanna eile atá bainteach le tionscadail mhóra hidreachumhachta sa réigiún.

Os a choinne sin, áfach, tá na céadta duine eile fós ar iarraidh sna tolláin agus gan tásc gan tuairisc orthu.

Folaíodh na tolláin nuair a scuab an mhaidhm mhór gach a raibh sa bhealach uirthi chun siúil, idir charraigeacha, láib agus ábhar nach iad.

San iomlán, tá thart ar 4,500 duine ar iarraidh fós.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ