Tá na húdaráis i Neipeal dóchasach go bhfuil beagnach leathchéad oibrí atá sáinnithe i dtollán ansin fós ina mbeatha seachtain ó tharla maidhm mhór thuile sa cheantar sléibhe ar an teorainn idir í agus an Tibéid.
Is cosúil go bhfuil na hoibrithe sáinnithe i seomra faoi thalamh sa tollán in ionad hidreachumhachta.
Dúirt urlabhraí ó údarás leictreachais Neipeal go bhfuil bia agus uisce san áit a bhfuil an 46 oibrí.
Tá 279 duine tugtha slán ag lucht tarrthála ó tholláin agus ó áiteanna eile atá bainteach le tionscadail mhóra hidreachumhachta sa réigiún.
Os a choinne sin, áfach, tá na céadta duine eile fós ar iarraidh sna tolláin agus gan tásc gan tuairisc orthu.
Folaíodh na tolláin nuair a scuab an mhaidhm mhór gach a raibh sa bhealach uirthi chun siúil, idir charraigeacha, láib agus ábhar nach iad.
San iomlán, tá thart ar 4,500 duine ar iarraidh fós.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


