Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Deireadh ag teacht amárach le Camino Dhún na nGall na bliana seo

04 SEPTEMBER 2026, 17:36

Deireadh ag teacht amárach le siúlóid mhór bhliantúil an Camino i gContae Dhún na nGall
Twitter Facebook

Tiocfaidh deireadh amárach le Camino Dhún na nGall na bliana seo.

Bunaíodh an tsiúlóid charthanachta in 2020 agus ó shin i leith tá beagnach leathmhilliún euro bailithe do chúram ailse an Iarthair.

Tuairim is 100 duine sa lá a bhíonn páirteach sna siúlóidí a thosaigh Dé Domhnaigh seo caite in Inis Eoghain.

Thosaigh siúlóid an lae inniu ag Ionad Breezy in aice le Béal Átha Seanaidh.

A pilgrim wearing walking boots and socks with the arrow indicating the Camino de Santiago

Tá Camino Dhún na nGall anois ar an fhéile siúil is mó in Eirinn.

Críochnóidh an tsiúlóid amárach ar Shliabh Liag i ndeisceart an chontae.