Tiocfaidh deireadh amárach le Camino Dhún na nGall na bliana seo.
Bunaíodh an tsiúlóid charthanachta in 2020 agus ó shin i leith tá beagnach leathmhilliún euro bailithe do chúram ailse an Iarthair.
Tuairim is 100 duine sa lá a bhíonn páirteach sna siúlóidí a thosaigh Dé Domhnaigh seo caite in Inis Eoghain.
Thosaigh siúlóid an lae inniu ag Ionad Breezy in aice le Béal Átha Seanaidh.
Tá Camino Dhún na nGall anois ar an fhéile siúil is mó in Eirinn.
Críochnóidh an tsiúlóid amárach ar Shliabh Liag i ndeisceart an chontae.


