Séamus Ó Scanláin
Is í Katie Taylor seaimpín an domhain i gcónaí ina meáchan sa chró dornálaíochta.
Chinntigh sí sin i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath aréir nuair a fuair sí an ceann is fearr ar a céile comhraic,Flora Pili.
Ar phointí a fuair bean Chill Mhantáin an lámh in uachtar ar Pili i dtroid a chuaigh na deich mbabhta a bhí leagtha amach dó.
Ba léir ó thús deiridh nach raibh an Francach chun an ceann ab fhearr a fháil ar Katie a bhí i mbarr a maitheasa le clisteacht láimhe agus luath coisíochta.
Is í seaimpín an domhain anois arís í don 3ú huair agus is maith an aghaidh uirthi é.
Níl aon duine le sin a shéanadh ar an mbean seo ó Bhré, atá daingnithe inár gcroíthe ó bhuaigh sí bonn Oilimpeach ag na cluichí i Londain i 2012.
Ba é aréir a babhta deiridh sa bhfáinne dornálaíochta agus pobal na hÉireann ag dúil go mór leis an ócáid a raibh 80,000 ticéad díolta dó in achar gairid roinnt míonna ó shin.
Aireoidh muid uainn anois a cumas agus a scil i spóirt a bhfuil a chion féin de dhroch phoiblíocht faighte aige le tamall anuas.
Ach 'mairfidh a craobh ar an bhfál', ráiteas a bhíodh ag an úrscéalaí iomráiteach Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain nach maireann, go mion minic.
Féadfaidh sí na cosa a chur in airde anois le mórtas agus soilíos croí.
Féadfaidh na céadta ban a bheith buíoch di as an ugach agus an misneach a thug sí dóibh i gcaitheamh a tréimhse gairme.
Agus féadfaidh muid uilig a bheith bródúil as a cuid éachtaí.
Pearsa ionspioráideach nach ligfear i ndearmad fad is a fhásann féar ar thalamh.


