Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Katie buacach go glórmhar i mBÁC

06 MEÁN FÓMHAR 2026, 06:30

Katie ina seaimpín domhanda uair amháin eile
Twitter Facebook

Séamus Ó Scanláin

Is í Katie Taylor seaimpín an domhain i gcónaí ina meáchan sa chró dornálaíochta.

Chinntigh sí sin i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath aréir nuair a fuair sí an ceann is fearr ar a céile comhraic,Flora Pili.

5 September 2026; Katie Taylor makes the ring walk before her undisputed super lightweight championship fight with Flora Pili at the Once Upon A Time fight night in Croke Park, Dublin. Photo by Piaras Ó Mídheach/Sportsfile
Suas le 80,000 duine bailithe isteach i gCeannceathrú CLG

Ar phointí a fuair bean Chill Mhantáin an lámh in uachtar ar Pili i dtroid a chuaigh na deich mbabhta a bhí leagtha amach dó.

Ba léir ó thús deiridh nach raibh an Francach chun an ceann ab fhearr a fháil ar Katie a bhí i mbarr a maitheasa le clisteacht láimhe agus luath coisíochta.

Is í seaimpín an domhain anois arís í don 3ú huair agus is maith an aghaidh uirthi é.

Níl aon duine le sin a shéanadh ar an mbean seo ó Bhré, atá daingnithe inár gcroíthe ó bhuaigh sí bonn Oilimpeach ag na cluichí i Londain i 2012.

5 September 2026; Katie Taylor, right, with Matchroom Boxing promoter Eddie Hearn, centre left, and president of Matchroom Sport Barry Hearn after her undisputed super lightweight championship fight with Flora Pili at the Once Upon A Time fight night in Croke Park, Dublin. Photo by Stephen McCarthy/
Muid ar fad bródúil as bean Bhré

Ba é aréir a babhta deiridh sa bhfáinne dornálaíochta agus pobal na hÉireann ag dúil go mór leis an ócáid a raibh 80,000 ticéad díolta dó in achar gairid roinnt míonna ó shin.

Aireoidh muid uainn anois a cumas agus a scil i spóirt a bhfuil a chion féin de dhroch phoiblíocht faighte aige le tamall anuas.

Ach 'mairfidh a craobh ar an bhfál', ráiteas a bhíodh ag an úrscéalaí iomráiteach Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain nach maireann, go mion minic.

5 September 2026; Kian Egan, left, Shane Filan, centre, and Nicky Byrne of Westlife perform ahead of the undisputed super lightweight championship fight between Katie Taylor and Flora Pili at the Once Upon A Time fight night in Croke Park, Dublin. Photo by Stephen McCarthy/Sportsfile
Ceol agus amhráin go barr bata le fuinneamh a chur sa slua má theastaigh a léithid

Féadfaidh sí na cosa a chur in airde anois le mórtas agus soilíos croí.

Féadfaidh na céadta ban a bheith buíoch di as an ugach agus an misneach a thug sí dóibh i gcaitheamh a tréimhse gairme.

Agus féadfaidh muid uilig a bheith bródúil as a cuid éachtaí.

Pearsa ionspioráideach nach ligfear i ndearmad fad is a fhásann féar ar thalamh.