Gearradh téarma príosúin 10 mbliana ar fhear a sháigh cailín a dhearthár i Mala i gCorcaigh anuraidh.
Gearradh téarma príosúin dhá bhliain déag leis an dá bhliain dheireanach ar fionraí ar Joseph Butler, 43 bliain d'aois, as Belfry, Lána na Smachtlainne, i Mala i gContae Chorcaí as cailín a dhearthár, Paula Canty, a dhúnorgain i Mí Eanáir 2025.
Chaith Paula Canty an oíche sin ag ól lena buachaill, a dheartháir Joesph agus bean eile ina hárasán i Mala ar an 2ú Eanáir 2025.
Sádh Paula Canty sa chliabhrach le scian chistine agus fágadh í chun bás a fháil i ndiaidh achrainn a tharla idir Joseph Butler agus Paula Canty san árasán.
Bhí beirt leanaí ag Paula Canty a bhí bliain is tríocha d'aois.
Ba as Cionn tSáile ó dhúchas í.


