Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Téarma príosúin 10 mbliana do fhear a sháigh cailín a dhearthár

16 DEIREADH FÓMHAR 2026, 17:38

Paula Canty a bhásaigh i Mala i gContae Chorcaí i Mí Eanáir 2025
Twitter Facebook

Gearradh téarma príosúin 10 mbliana ar fhear a sháigh cailín a dhearthár i Mala i gCorcaigh anuraidh.

Gearradh téarma príosúin dhá bhliain déag leis an dá bhliain dheireanach ar fionraí ar Joseph Butler, 43 bliain d'aois, as Belfry, Lána na Smachtlainne, i Mala i gContae Chorcaí as cailín a dhearthár, Paula Canty, a dhúnorgain i Mí Eanáir 2025.

Joseph Butler guilty of the manslaughter of Paula Canty in Mallow in January 2025

Chaith Paula Canty an oíche sin ag ól lena buachaill, a dheartháir Joesph agus bean eile ina hárasán i Mala ar an 2ú Eanáir 2025.

Sádh Paula Canty sa chliabhrach le scian chistine agus fágadh í chun bás a fháil i ndiaidh achrainn a tharla idir Joseph Butler agus Paula Canty san árasán.

Bhí beirt leanaí ag Paula Canty a bhí bliain is tríocha d'aois.

Ba as Cionn tSáile ó dhúchas í.