Tá an t-ospidéal sa Róimh fágtha ag an Phápa Leon, ceithre lá i ndiaidh dó obráid a fháil le dul i ngleic leis an ailse scámhóg atá air.
Bhí na scórtha ag fanacht leis an Phápa taobh amuigh de ospidéal Gemelli sa Róimh.
Shiúil an Pápa atá 71 bliain d'aois, ó dhoras an ospidéil chuig carr a bhí ag fanacht leis.
Stop sé le glacadh le bábóg lámhdhéanta i samhail Pápa, a bhronn cailín air.
Dhearbhaigh an Vatacáin gur léirigh an obráid go bhfuil ailse an-choitianta ar an Phápa.
Bhain na máinlianna an maothán íochtarach den scámhóg dheas nuair a haimsíodh meall a raibh ailse ann.
Tá sé ráite ag an Vatacáin go mbeidh an Pápa i láthair amárach lena bheannacht Dhomhnaigh a thabhairt ó fhuinneog os ceann chearnóg Naomh Peadar.
Níl sé ach seachtain ó d'fhógair an Pápa Leon don slua a bhí i láthair ansin go raibh meall ailseach aimsithe ag dochtúirí sa scamhóg.


