Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An t-ospidéal fágtha ag an Phápa Leon tar éis obráid ailse

17 DEIREADH FÓMHAR 2026, 17:44

Ceithre lá ó shin a cuireadh obráid ar an Phápa Leon le meall ailseach a bhaint as ceann dá scamhóga
Twitter Facebook

Tá an t-ospidéal sa Róimh fágtha ag an Phápa Leon, ceithre lá i ndiaidh dó obráid a fháil le dul i ngleic leis an ailse scámhóg atá air.

Bhí na scórtha ag fanacht leis an Phápa taobh amuigh de ospidéal Gemelli sa Róimh.

Shiúil an Pápa atá 71 bliain d'aois, ó dhoras an ospidéil chuig carr a bhí ag fanacht leis.

Stop sé le glacadh le bábóg lámhdhéanta i samhail Pápa, a bhronn cailín air.

Pope Leo XIV leaves the Gemelli University Hospital, four days after a surgery
An Pápa Leon ar a bhealach arais chuig an Vatacáin as ospidéal Gemelli na Róimhe.

Dhearbhaigh an Vatacáin gur léirigh an obráid go bhfuil ailse an-choitianta ar an Phápa.

Bhain na máinlianna an maothán íochtarach den scámhóg dheas nuair a haimsíodh meall a raibh ailse ann.

Tá sé ráite ag an Vatacáin go mbeidh an Pápa i láthair amárach lena bheannacht Dhomhnaigh a thabhairt ó fhuinneog os ceann chearnóg Naomh Peadar.

Níl sé ach seachtain ó d'fhógair an Pápa Leon don slua a bhí i láthair ansin go raibh meall ailseach aimsithe ag dochtúirí sa scamhóg.