Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tarrtháil deánta ar bhuachaill a thit ar an Chonair, Co Chiarraí

17 NOVEMBER 2024, 10:24

Thit an déagóir ar chosán ar an Chonair i gCorca Dhuibhne. (Pictiúr cartlainne0.
Twitter Facebook

Rinne na seirbhís éigeandála tarrtháil ar dhéagóir ar shliabh i gCo. Chiarraí tráthnóna inné, a deir Garda Cósta Oileán Dairbhre.

Tuigtear gur thit an déagóir ar chosán ar an Chonair i gCorca Dhuibhne agus nár fhéidir leis an bheirt a bhí ina chuideachta dul fhad leis.

Cuireadh fios ar an Gharda Cósta ag a 4:45. Cuireadh foireann Gharda Cósta an Daingin agus ingearán Tárrthála R115 chuig an láthair ach ní raibh ar chumas an ingearáin dul fhad leis an ghasúr de bharr go raibh brat íseal scamaill thar air.

D'fhág an t-ingearán an ceantar agus d'fhill ar ball le foireann Tárrthála Sléibhe Chiarraí.

Ach b'éigean don ingearán imeacht arís mar gheall go raibh an aimsir ag dul chun donais.

D'fhill an t-ingearán ag a 9.40in. D'iompair an foireann Aonad Gharda Cósta an Daingin an buachaill ar shínteán breis is 200 méadar chomh fada le barr an ailt áit ar éirigh leis an ingearán an buachaill a ardú ar bord ag a 10:50in.

Tugadh an buachaill chuig Ospidéal Ollscoile Chiarraí i dTrá Lí áit ar cuireadh cóir leighis air.