Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An teocht chomh híseal le −3 in áiteanna anocht

19 NOVEMBER 2024, 19:27

Sioc agus leac oighir geallta i móran gach áit sa tír anocht
Twitter Facebook

Tá fógra buí aimsire don tír ar fad eisithe ag Met Éireann agus an teocht geallta a bheith an-íseal anocht agus ar maidin amárach.

Deir na meitéareolaithe go mbeidh sé an-fhuar anocht, go mbeidh sioc agus leac oighir i móran gach áit sa tír agus go mbeidh bóithre agus cosáin sleamhain dá bharr.

D'fhéadfadh an teocht a bheith chomh híseal le trí chéim faoi bhun an reophointe in áiteanna, a deir siad.

Beidh feidhm leis an bhfógra buí óna 8 a chlog anocht go dtína 10 a chlog ar maidin amárach.

Tá an carthanas Clann Shíomóin i mBaile Átha Cliath ag achainí ar an bpobal a bheith san airdeall ar dhaoine atá ag codladh amuigh agus eolas fúthu a chur chuig na seirbhísí do dhaoine gan dídean ar aip speisialta atá bunaithe lena aghaidh sin.

Cuirfidh an carthanas bia, anraith agus tae ar fáil do dhaoine atá ag codladh amuigh i lár na cathrach anocht.

Bhí fógra buí aimsire i bhfeidhm i sé chontae sa Stát aréir, mar a bhí, an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Maigh Eo, Muineachán agus Sligeach.

Bhí fógra buí i bhfeidhm chomh maith i ngach ceann de shé chontae an Tuaiscirt.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ