Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Forógra nua maidir le hairm núicléacha sínithe ag Putin

19 NOVEMBER 2024, 16:44

Uachtarán na Rúise Vladimir Putin
Twitter Facebook

Tá Uachtarán na Rúise Vladimir Putin tar éis cur leis na cúinsí ina féidir leis an Rúis úsáid a bhaint as airm núicléacha.

De réir forógra nua a shínigh Vladimir Putin, beidh cead ag an Rúis airm núicléacha a úsáid in aghaidh thíortha neamhnúicléacha sa chás go dtacaíonn tíortha núicléacha leo in aghaidh na Ruise.

Táthar ag glacadh leis gur freagra é seo ar an bhfógra a rinne Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden inné inar thug sé cead don Úcráin diúracáin Mheiriceánacha a scaoileadh le hionaid taobh istigh den Rúis as seo amach.

Mar leis an gcogaíocht san Úcráin, dealraítear go bhfuil fórsaí míleata na Rúise ag dul chun cinn i gcónaí in oirthear na tíre.

Tuairiscítear go bhfuil sráidbhaile eile fós gafa ag na Rúisigh in Oblast Donetsk, cóngarach do bhaile Kurakhove a bhfuil an-tábhacht straitéiseach ag baint leis.

Ina cheann sin, is cosúil go bhfuil na Rúisigh ag ruaigeadh saighdiúirí Úcránacha as Oblast Kursk sa Rúis.

Rinne na hÚcranaigh ionradh ar Kursk trí mhí ó shin agus shuigh siad longfort ann.

Níos faide ó thuaidh, in Oblast Sumy, tuairiscítear gur maraíodh naonúr ar a laghad − leanbh ina measc − nuair a rinne na Rúisigh ionsaí buamála ar shráidbhaile gar don teorainn leis an Rúis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ