Tugtar le fios i bpobalbhreith a rinne TG4/Ipsos B&A i ndáilcheantar Dhún na nGall go gcoinneoidh Sinn Féin an dá shuíochán atá acu ann, go bhfuil an-seans ag Fianna Fáil an dara suíochán a bhuachan agus go bhfuil suíochán Fhine Gael i mbaol.
Caolsheans, más ea, go mbuafaidh Charles Ward ó Chúiteamh 100% ceann de na cúig shuíochán, de réir na pobalbhreithe. Déanann Cúiteamh 100% ionadaíocht ar son daoine i nDún na nGall ar tógadh a dtithe le brící lochtacha.
Craoladh torthaí na pobalbhreithe ar Nuacht TG4 tráthnóna inniu.
San olltoghchán deireanach in 2020, ba iad Pearse Doherty agus Pádraig Mac Lochlainn ó Shinn Féin; Charlie McConalogue ó Fhianna Fáil; Joe McHugh ó Fhine Gael; agus Thomas Pringle, Neamhspleách, an cúigear a toghadh.
An uair seo, dealraíonn sé go dtoghfar Pat 'The Cope' Gallagher ó Fhianna Fáil agus nach mbeidh aon ionadaí ó Dhún na nGall ag Fine Gael sa chéad Dáil eile.
Tá Pearse Doherty i bhfad chun cinn ar gach iarrthóir eile, de réir na pobalbhreithe.
Sciar 22% de na vótaí céadrogha atá ag an Dochartach i gcomórtas leis an iarrthóir is gaire dó, Pat The Cope, a bhfuil 13% den vóta aige.
Níl ach 1% idir an Gallchórach agus Charlie McConalogue agus tá an bheirt sin beagán chun tosaigh ar Phádraig Mac Lochlainn agus ar Thomas Pringle a bhfuil sciar 11% an duine acu.
6% an duine atá ag beirt iarrthóirí Fhine Gael, John McNulty agus Nikki Bradley.
An sciar céanna de na vótaí céadrogha atá ag Charles Ward ó Chúiteamh 100%.
Tá an phobalbhreith bunaithe ar a ndúirt na 543 duine a d'fhreagair ceistneoir teileafóin Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite.
Tá lamháil earráide thart ar +/−4% ag baint leis an bpobalbhreith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ