Tháinig ardú 10% ar phraghsanna tithe agus árasán i gcaitheamh an dá mhí dhéag ó thús Mheán Fómhair 2023 go deireadh Lúnasa 2024, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
Ardú 10.8% a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath, 9.4% i ngach áit eile sa Stát.
€346,000 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe ag deireadh Lúnasa.
I gCo an Longfoirt a bhí an meánphraghas ab ísle, mar a bhí, €175,000.
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhí an meánphraghas ab airde, mar a bhí, €637,500.
Mar le tithe, bhí ardú 11.5% ar phraghsanna i mBaile Átha Cliath agus ardú 9.6% i ngach áit eile.
Mar le harásáin, bhí ardú 8.2% ar phraghsanna i mBaile Átha Cliath agus ardú 7.9% i ngach áit eile.
Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ba i réigiún na teorann a bhí an t-ardú ba mhó, mar a bhí, 15.3%. Cuimsíonn an réigiún sin an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán agus Sligeach.
Ba sna cheithre chontae timpeall Bhaile Átha Cliath a bhí an t-ardú ba lú, mar a bhí, 7.5%.
Tá ardú 155% tagtha ar phraghsanna tithe ó thús 2013, tráth a bhí cúlú eacnamaíochta ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ