Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Comhaontú faoi shos comhraic in Gaza á dhréachtú'

18 DECEMBER 2024, 10:27

Ionad teifeach in aice le cathair Khan Younis i ndeisceart Gaza scriosta ag buamaí na nIosraelach, 18 Nollaig 2024
Twitter Facebook

Tuairiscítear go bhfuil taidhleoirí idirnáisiúnta dóchasach go gcuirfear bailchríoch ar chomhaontú faoi shos comhraic in Gaza as seo go ceanna cúpla lá.

Tá idirghabhálaithe ó na Stáit Aontaithe, ón Éigipt agus ó Chatar ar a ndícheall le scaitheamh ag iarraidh comhaontú a dhréachtú a mbeadh glacadh ag Iosrael agus Hamas araon leis.

Mar chuid den chomhaontú, deirtear, scaoilfí saor gialla Iosraelacha atá Hamas a choinneáil in Gaza agus scaoilfeadh na hIosraelaigh saor na scórtha géibheannach Palaistíneach atá siad féin a choinneáil.

Is i gCaireo atá na comhráite ar siúl ach beidh cruinniú i gCatar inniu ag Stiúrthóir an CIA William Burns le príomh-aire na tíre sin faoi mhionsonraí an chomhaontaithe.

Os a choinne sin, thug oifigeach Palaistíneach le fios ar maidin inniu go raibh coinníollacha nua á n-éileamh ag na hIosraelaigh nach raibh aon ghlacadh ag Hamas leo.

Mar leis an saol in Gaza, tuairiscítear gur maraíodh sé dhuine dhéag ar a laghad in ionsaithe buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar bhailte éagsula ar fud na hiamhchríche i gcaitheamh na hoíche.

Tá 45,000 Palaistíneach ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le ceithre mhí dhéag agus tá an chuid is mó de bhonneagar na háite lomscriosta acu.

É sin in éiric an 1,140 duine a mharaigh Hamas san ionsaí a rinne siad ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ