Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Enoch Burke scaoilte saor ón bpríosún

20 DECEMBER 2024, 15:57

Enoch Burke ag teacht amach as an gcúirt inniu
Twitter Facebook

Tá sé ordaithe ag an Ard-Chúirt an múinteoir scoile as Co Mhaigh Eo, Enoch Burke, a scaoileadh saor ón bpríosún.

Tá Enoch Burke sa phríosún ón 2 Meán Fómhair faoi dhíspeagadh cúirte.

Thug an Breitheamh David Nolan foláireamh don mhúinteoir inniu, áfach, go ngearrfaí fíneáil €1,400 air gach lá dá sáródh sé ordú cúirte fanacht amach ón scoil i gCo na hIarmhí a mbíodh sé ag múineadh ann.

Gearradh €193,000 i bhfíneálacha ar Enoch Burke roimhe seo ach níl aon chuid den airgead sin íoctha aige fós.

Tá Enoch Burke fostaithe go hoifigiúil i gcónaí ag Scoil Wilson's Hospital i Muilte Farannáin agus tá sé ag fáil a thuarastail i gcónaí.

Ina fhianaise sin, d'ordaigh an Breitheamh Nolan d'oifigigh Stáit teacht i láthair na cúirte lena mhíniú conas a d'fhéadfaí airgead a thógáil ó thuarastal Enoch Burke leis na fíneálacha a íoc.

Baineann an scéal le hiarratas ó dhalta sa scoil in 2022 go mbainfí leas as an uimhir iolra de na forainmneacha pearsanta agus múinteoirí ag caint san uimhir uatha ar an dalta sin.

Ghlac príomhoide na scoile le hiarratas an dalta ach ní raibh aon ghlacadh ag Enoch Burke leis ar an mbonn go raibh a leithéid glan in aghaidh a chreidimh Chríostaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ