Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Neamhspleáigh ón nGrúpa Réigiúnach ag iarraidh cearta freasúra

17 JANUARY 2025, 11:12

Teachtaí Dála ón nGrúpa Réigiúnach ag iarraidh cearta labhartha freasúra a bheith acu sa 34ú Dáil Éireann
Twitter Facebook

Tá Sinn Féin le cur in aghaidh moladh atá déanta ag roinnt Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach cearta labhartha freasúra a bheith acu i nDáil Éireann in ainneoin Teachtaí Dála eile ón ngrúpa sin a bheith sa rialtas ag an am céanna.

An craiceann is a luach atá na Neamhspleáigh a éileamh, dar le Sinn Féin.

De réir rialacha Dháil Éireann, is féidir le cúigear Teachtaí Dála, nó níos mó, teacht le chéile mar ghrúpa teicniúil, mar a thugtar air, a fhad is gur sa fhreasúra atá siad.

Tugann stádas mar ghrúpa teicniúil cead dóibh siúd atá páirteach ann rúin a chur os comhair na Dála agus dúshlán an Taoisigh a thabhairt le linn Cheisteanna na gCeannairí.

Ar scaradh gabhail a bheas an Grúpa Réigiúnach sa 34ú Dáil, áfach – cuid acu sa rialtas, an chuid eile ag tacú leis an rialtas ach gan aon phost acu ann.

Is iad na Teachtaí Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach a bheas sa rialtas Seán Canny, Noel Grealish, Marian Harkin, Michael Healy-Rae agus Kevin 'Boxer' Moran.

Tá ceathrar Teachtaí eile sa Ghrúpa Réigiúnach nach mbeidh sa rialtas – Michael Lowry, Danny Healy-Rae, Barry Heneghan agus Gillian Toole – agus tá siadsan ag iarraidh ar an Teachta Neamhspleách Carol Nolan agus ar an mbeirt Teachtaí atá ag Aontú dul i bpáirt leo le grúpa teicniúil a bhunú.

Tá an ceathrar sin ag moladh freisin go n-éireoidh an cúigear a bheas sa rialtas, go n-éireoidh siad as an nGrúpa Reigiúnach.

Mar léiriú ar a ghabhlánaí atá an scéal, ní baill oifigiúla den Ghrúpa Réigiúnach na deartháireacha Healy-Rae.

Cé nach bhfuil aon ghlacadh ag Sinn Féin leis an gcrandaí bogadaí agus an siar is aniar ar fad atá na Neamhspleáigh a mholadh, is ag an gCeann Comhairle Verona Murphy a bheas an focal deiridh.

Ba bhall den Ghrúpa Réigiúnach í Verona Murphy sular toghadh ina Ceann Comhairle í.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ