Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Fine Gael chun glacadh le comhaontú faoi bhunú rialtais nua'

20 JANUARY 2025, 15:33

Ceannaire Fhine Gael Siimon Harris
Twitter Facebook

Táthar ionann is cinnte de go nglacfaidh páirtí parlaiminte Fhine Gael leis an dréachtchlár rialtais a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Ar maidin inniu, vótáil idir Theachtaí Dála agus Sheanadóirí ó Fhine Gael ar an gcomhaontú faoi rialtas nua a rinne an páirtí le Fianna Fáil agus le Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach.

Tá súil le toradh an vóta uair éigin tráthnóna.

De réir a bhfuil socraithe, beidh seachtar Airí ag Fine Gael sa chomhaireacht úr atá le teacht le chéile den chéad uair in Áras an Uachtaráin arú amárach.

Tuigtear go mbeidh Jennifer Carroll MacNeill as Dún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Martin Heydon as Cill Dara Theas i measc na ndaoine ón bpáirtí sin a cheapfar ina nAirí den chéad uair.

Tá caint freisin ar leascheannaire Fhine Gael Helen McEntee a cheapadh ina hAire Oideachais. Is í an tAire Dlí agus Cirt í faoi láthair.

Ag Ard-Fheis speisialta a thionóil Fianna Fáil inné, vótáil 93% de na toscairí i bhfabhar dul i gcomhrialtas le Fine Gael agus na Neamhspleáigh.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin leis na toscairí go mbeadh dóthain tacaíochta ag an rialtas nua chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas tithíochta, ar an easpa seirbhísí do dhaoine atá faoi mhíchumas agus, arsa sé, chun geilleagar na hÉireann a chosaint.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ