Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Géibheannaigh saortha, teifigh ag filleadh ar a mbailte in Gaza

20 JANUARY 2025, 11:09

Fáilte gheal abhaile á chur roimh chime Palaistíneach sa Bhruach Thiar
Twitter Facebook

Scaoil na hIosraelaigh saor 90 cime Palaistíneach aréir tar éis do Hamas triúr giall Iosraelacha a scaoileadh saor tráthnóna inné, malartú ar chuid é de chomhaontú a rinneadh an tseachtain seo caite faoi shos comhraic in Gaza.

Mná is ea an triúr Iosraelach a saoradh inné agus tar éis dá muintreacha fáilte abhaile a chur rompu tugadh iad chuig ospidéal i lár Iosrael, áit a ndeirtear go bhfuil "bail sheasmhach" orthu.

Is ag thart ar 1 a chlog ar maidin a saoradh na Palaistínigh ó phríosún Ofer sa Bhruach Thiar. Chuir na sluaite fáilte rompusan i mbaile Beitunia go gairid ina dhiaidh sin.

Deir na hIosraelaigh go bhfuil 57 giall á gcoinneáil i gcónaí ag Hamas agus go bhfuil coirp 34 giall eile fós in Gaza.

Tuigtear go ndéanfar an chéad mhalartú eile Dé Sathairn seo chugainn.

Fáilte chroíúil abhaile roimh ghiall Iosraelach

Dé Céadaoin seo caite a d'fhógair idirghabhálaithe ó na Stáit Aontaithe, ó Chatar agus ón Éigipt go ndearnadh comhaontú faoi shos comhraic.

Cé nach bhfuil i gceist ach sos comhraic sé seachtaine, dúradh go rabhthas dóchasach go mbuanófaí é.

Chomh maith leis an malartú géibheannach, socraíodh go dtarraingeodh fórsaí míleata Iosrael amach as Gaza de réir a chéile agus go scaoilfidís níos mó soláthairtí éigeandála isteach san áit.

A thúisce a tháinig feidhm oifigiúil leis an sos comhraic ar maidin inné, thosaigh na mílte dídeanaithe Palaistíneacha ag filleadh ar a mbailte ar fud Gaza – nó a bhfuil fanta dá mbailte i ndiaidh an léirscrios a rinne fórsaí míleata Iosrael.

Creatlach folamh roimh dhídeanaithe Palaistíneacha

Mhaígh Uachtarán tofa na Stát Aontaithe Donald Trump gur dó féin a bhí an chreidiúint ag dul faoin sos comhraic.

Dúirt sé gur chuir sé ina luí gaidhte ar Phríomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu deireadh a chur leis an gcogaíocht.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ