Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ógánach ag pléadáil ciontach i dtriúr cailíní a dhúnmharú

20 JANUARY 2025, 13:12

Alice Dasilva Aguiar, Elsie Dot Stancombe agus Bebe King
Twitter Facebook

I gcúirt i Learpholl, phléadail ógánach ocht mbliana déag d'aois ciontach i dtriúr cailíní óga a dhúnmharú i mbaile Southport in iarthuaisceart Shasana an samhradh seo caite.

Sádh agus maraíodh Bebe King, sé bliana d'aois, Elsie Dot Stancombe, seacht mbliana agus Alice Dasilva Aguiar, a bhí naoi mbliana, agus iad ag glacadh páirt i rang damhsa-ar-nós-Taylor Swift i lár Southport ar an 29 Iúil anuraidh.

Chomh maith leis an triúr cailíní a dhúnmharú, phléadáil Axel Rudakubana ciontach in iarracht a dhéanamh deichniúr eile a dhúnmharú an lá céanna – ochtar páistí agus beirt daoine fásta – agus i scian chistine a bheith ina sheilbh aige in áit phoiblí.

Tuairiscíodh ag an am gur gortaíodh go dona cúigear den ochtar páistí agus an bheirt daoine fásta, mar atá, an múinteoir damhsa agus fear a chuaigh de rás chuig láthair an ionsaithe nuair a chuala sé na leanaí ag scréachach.

Axel Rudakubana sa chúirt i Learpholl inniu (Léaráid ealaíontóra ó áisíneacht nuachta PA)

I gceann an doirteadh fola, phléadáil Axel Rudakubana ciontach sa tocsain bhitheolaíoch ricin a tháirgeadh agus i gcomhad sceimhlitheoireachta de chuid al-Qaeda a bheith ina sheilbh aige.

Bhí tús le cur lena thriail inniu ach cuireadh sin ar neamhní tar éis dó phléadáil ciontach sa chúirt sna cúisimh ar fad a cuireadh ina leith.

Gearrfar pianbhreith air Déardaoin seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ