Skip to main content
< back to TG4.ie

Traenáil & Forbairt

Scéalaithe Físe / Mojo

Is deis iontach atá in obair na Scéalaithe Físe (Mojo) do dhaoine atá ag tosú amach sa ghnó chun cur lena gcuid taithí.
Bain triail as ábhar gearrfhoirme a chruthú do na hardáin sóisialta, Molscéal agus Bloc.

Má tá cumas scéalaíochta ionat agus fonn ort a bheith ag obair in earnáil na meán, is tús maith é seo chun cur le do phortfóilió.
Féach ar an gcineál ábhar atá BBC Three, Vice Media, BBC the Social agus eile a chruthú chun tú féin a spreagadh…
 
Cé hiad na Scéalaithe Físe?

Daoine atá ábalta scéalta a chruthú agus a chur in eagar, trí úsáid a bhaint as fóin phóca, lena bhfoilsiú ar ardáin shóisialta TG4, Molscéal agus BLOC.

Fáiltíonn muid go háirithe roimh:

  • mionscéalta faisnéise
  • mionscéalta siamsaíochta
  • mionscéalta drámaíochta nó grinn

Íocfaimid as aon scéal atá oiriúnach agus a fhoilsímid ar na hardáin shóisialta atá againn.
Má tá tacaíocht ag teastáil uait chun scileanna MOJO a fhoghlaim, déan teagmháil linn.
 
Cé na cinéalacha scéalta atá ag teastáil?

MOLSCÉAL
Is ar an gcroí lucht féachana, iad siúd arb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga labhartha atá acu, atá scéalta Molscéal dírithe.
Táimid ag lorg: Scéalta pobail a thugann léargas ar ócáid nó ar imeacht phobail nó a léiríonn gné ar leith den saol Gaelach / Gaeltachta.
Tuilleadh eolais: Donncha.Mac.Con.Iomaire@tg4.ie
 
BLOC
Tá BLOC dírithe ar lucht féachana 18 – 34 bliain, an t-aos atá ‘ faoi bhláth’
Scéalta físiúla atá uainn, a thugann léargas ar shaol agus ar shainspéiseanna daoine óga agus iad ag tosú amach agus ag baint súp as an saol.
Tuilleadh eolais: roisin.ni.thuairisg@tg4.ie
 

Ag Cruthú Ábhar Gearr Fhoirm

Is féidir breathnú siar ar sheisiún cainte abhí an Film Fleadh na Gaillimhe, ag plé ábhar gearr-fhoirm a chruthú, ag díriú go h-áirithe ar lucht féachana faoi 35 bliana.
Nasc anseo: https://m.youtube.com/watch?v=xR7kU8FS-bY.
I measc na gcainteoirí páirteach ar an bpainéal bhí Louise Thornton, Feidhmeannach Coimisiúnaithe d’Ábhar Digiteach, Sóisialta agus Óige le BBC Scotland; Rhodri ap Dyfrid, Coimisinéir Ábhar Ar Líne S4C; Meave McLoughlin, Feidhmeannach Óige BBC Three/BBC NI/Northern Ireland Screen agus Éamonn McManus ó TG Lurgan & Moose. Laura Ní Cheallaigh ó TG4 a rinne modhnóireacht ar an bpainéal.

Tá sonraí Babhta Coimisiúnaithe Glúin Nua, dírithe ar ábhar gear fhoirme le fáil anseo: www.tg4.ie/GlúinNua2020