Skip to main content
< back to TG4.ie

Traenáil & Forbairt

 

Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin

Cuirfidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta fáilte roimh léirithe spéise ó Chomhlachtaí Neamhspleácha a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin.

 

Is í aidhm na scéime seo ná tacaíocht a thabhairt do na comhlachtaí léiriúcháin chun scileanna agus tallann fhoireann an chomhlachta léiriúcháin a fhorbairt, agus tallann nua a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt chun cinn le bheith ag obair sa tionscal.

 

 

  1. SCÉIM TAITHÍ OIBRE
  • dírithe ar dhaoine atá ag tosú amach san earnáil agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil.

 

Fáilteofar roimh iarratais ó Chomhlachtaí Léiriúcháin a bhfuil suim acu duine a fhostú ar feadh tréimhse bliana, i réimse scileanna ar leith ina bhfuil lucht saothair gann dar leis an gcomhlacht. Cuirfear béim ar leith ar réimsí scile a bhaineann le Forbairt Smaointe, Léirtheoir Cruthaitheach, nó Stiúradh ábhar. Iarrtar ar chomhlachtaí ainm an oiliúnaí a bheith mar chuid den iarratas a déantar.
 
Beidh sé de chúram ar an gcomhlacht an tOiliúnaí a roghnú agus clár oibre a leagan amach dó ar feadh na bliana ina dtabharfar taithí phraiticiúil dó san obair agus ina neartófar a chumas fostaíocht a bhaint amach san earnáil seo amach anseo. Cuirfear ceardlanna oiliúna rialta agus tacaíochtaí ar fáil don oiliúnaí faoin scéim chun go mbeidh sé ábalta freastal ar chúrsaí ábhartha.
 
Is Taithí Oibre ar bhonn bliana a bheidh i gceist agus beidh deis ann síneadh bliana a chuir leis faoi réir athbhreithnithe. Déanfar pá na n-oiliúnaithe i rith na tréimhse taithe oibre a mhaoiniú idir an Comhlacht Léiriúcháin, TG4 agus Údarás na Gaeltachta. Tá sé riachtanach go bhfuil Gaeilge líofa ag an té a bheidh faoi oiliúint.
 
Maraon leis an taithí oibre sa gcomhlacht, cuirfear clár cuimsitheach oiliúna ar fáil faoi stiúir GMIT agus Gréasán na Meán Skillnet, agus Galway Film Centre ina mbeidh creidiúint Leibhéal 8 ar fáil i gCleachtas na Meán.

 
 
 

  1. Sparánacht Uasoiliúna
  • dírithe ar dhaoine atá ag saothrú sa tionscal cheana féin agus atá ag iarraidh cur lena gcuid taithí.

 

Fáilteofar roimh iarratais ó chomhlacht nó ó dhuine aonair, atá ag obair sa tionscal cheana féin, ar thacaíocht chun freastal ar chúrsa sainscileanna nó ar ócáid foghlamtha sainspéise a chuideodh leo a ngairm a fhorbairt. Beidh d’aidhm leis na sparánachtaí seo forbairt scileanna agus saineolais ardleibhéil a spreagadh san earnáil agus tacú le Léiritheoirí le idirnáisiúnú agus forbairt a ngnó.
 
D’fhéadfadh tacaíocht a bheith ar fáil mar shampla do chúrsaí a chuirfidh le scileanna gnó, idirnáisiúnaithe agus sna meáin dhigiteacha nua nó eile. Cuirfear maoiniú €3,000 ar a mhéad nó 75% de chostas an chúrsa ar fáil faoi na Sparánachtaí seo.
 
Beidh na sparánachtaí seo le dáileadh i gcomhar le Gréasán na Meán agus eagrais oiliúna eile.

 

Más suim leat iarratas a dhéanamh ar cheachtar den dá scéim thuas, seol an fhoirm iarratais ar ais chuig TG4 roimh 5pm Dé hAoine an 25 Meán Fómhair.

 

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le lis.ni.dhalaigh@tg4.ie nó le Maryellen.ni.chualain@tg4.ie.

 

 

 

Tacaíocht agus Stiúir don Ghnéith Oiliúna i gcomhpháirt le:

 


 

NÓTA do oiliúnaithe a bhfuil spéis acu oibriú le comhlachtaí neamhspleach.

Molann muid do oiliúnaithe teagmháil díreach a dhéanamh le Comhlachtaí léirithe teilifíse i do cheantar nó comhlachtaí a bhfuil suim ar leith agat sa réimse oibre a bhíonn ar bun acu, le fiosrú a dhéanamh faoi deiseanna taithí oibre leis an gcomhlacht.