Tá fear 41 bliain d'aois cúisithe maidir le marú Noel Campion i Luimneach i 2007,
Tugadh Darragh Quinlivan, arbh as deisceart chathair Luimnigh ó dhúchas dó ach a raibh cónaí air sa Bhreatain le blianta fada, os comhair suí speisialta de Chúirt Dúiche Luimnigh ag am lóin.
Caitheadh Noel Campion i gceantar Sparr Thuamhan sa chathair ar an 26 Aibreán i 2007.
Bhí sé ina phaisinéir cúlóige ar ghluais rothar nuair a tháinig fear amach as bosca teileafóin agus chaith roinnt urchar leis.
Tuigtear go raibh baint ag a mharú le heasaontas idir buíonta coiriúla sa chathair sna blianta sin.
Is é Darragh Quinlivan an chéad duine atá cúisithe maidir leis an bhfiosrúchán seacht mbliana déag seo.
Thug an Bleachtaire Sáirsint Eoin McDonagh fianaise gur ghabh sé Darragh Quinlivan ag a 7.15pm inné agus gur chúisigh sé é as dúnmharú Noel Campion.
Dúirt sé nár fhreagair Darragh Quinlivan é nuair a cuireadh an chúis faoina bhráid.
Rinne an Cigire Garda Fergal Hanrahan iarratas go gcuirfí Darragh Quinlivan siar faoi choinneáil.
Cheadaigh an Breitheamh Patricia Harney comhairle dlí saor in aisce do Darragh Quinlivan, agus tiocfaidh sé os comhair cúirte arís Dé Máirt seo chugainn ar nasc físe.