Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Buneolas

 

Cainéal náisiúnta teilifíse is ea TG4 agus is eintiteas reachtúil neamhspleách é (Teilifís na Gaeilge).

Tá an cainéal ag craoladh ó Oíche Shamhna 1996. Cainéal saor go haer é TG4, atá ar fáil ar gach modh dáilithe teilifíse. Tá bonn láidir lucht féachana ag an gcainéal ar fud na hÉireann. Féachann 1.27m duine sa Phoblacht ar an meán ar TG4 gach seachtain. Tá TG4 sa séú áit ar liosta is airde éileamh in Éirinn agus meán-scair fhéachana 1.83% aige (1.92% sa phríomh-am).

Tá sin thar a bheith sásúil i bhfianaise na géar-iomaíochta sa margadh teilifíse in Éirinn, an ceann is déine coimhlint san Eoraip, deirtear mar go bhfuil go leor teaghlach in Éirinn ag glacadh na seirbhísí digiteacha teilifíse agus fáil acu dá réir ar raon leathan cainéal, mór-bhrandaí agus cainéal sainspéise ina measc.

Mar chraoltóir a chreideann i bhforbairt na réigiún, díríonn TG4 ar ábhar agus seirbhísí a aimsiú ó chuideachtaí a fheidhmíonn trí Mheán na Gaeilge, a bhfuil go leor acu lonnaithe i gceantair Ghaeltachta agus sna réigiúin.

In 2020, chaith TG4 €25.8m ar sheirbhísí cruthaitheacha in Éirinn, agus caitheadh €21.3m de sin ar chomhlachtaí cruthaitheacha atá lonnaithe sna réigiúin. As an €25.8m, caitheadh €20.6m ar chomhlachtaí léiriúchán neamhspleách agus caitheadh €18.1m de sin ar chomhlachtaí léiriúchán neamhspleách sna réigiúin. Ar an mbealach seo, thacaíomar le fás agus le cruthú post i dtionscail chruthaitheacha sna réigiúin, ag cuidiú le geilleagar cruthaitheach réigiúnach na hÉireann a chothú agus a fhorbairt.

Measaimid gur chuir caiteachas TG4 in Éirinn thart ar €67m leis an aschur náisiúnta in 2020 agus gur thacaigh sé le beagnach 900 post coibhéise lánaimseartha (díreach, indíreach agus ionduchtaithe). As sin, chuir caiteachas TG4 thart ar €61m leis an aschur réigiúnach agus thacaigh le 790 post coibhéise lánaimseartha (díreach, indíreach agus ionduchtaithe).


Maoiniú ón Rialtas

Tá maoiniú reatha €36.733m do TG4 curtha ar fáil ag an Rialtas do 2021 agus maoiniú caipitil do €4m. Tá ioncam fógraíochta agus urraíochta a thuilleamh ag an gcainéal agus díolann sé cláracha freisin.

Admhaítear go bhfuil TG4 ar cheann de na cainéil teilifíse is éifeachtaí costas san Eoraip.


 

Ar fud an Domhain

Tá aitheantas náisiúnta agus gradaim agus duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte go leanúnach ag cláir agus pearsain TG4. Tá siad ceannaithe agus craolta craoltóirí thar lear freisin. Tá ábhar craolta Gaeilge an chainéil ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 ina bhfuil idir bheo-sholáthar agus chartlann.

OTGO-S1
 

Ábhar

Tá clár-sceideal laethúil Gaeilge do pháistí agus do dhaoine óga ag TG4. Cuireann Cúla4 agus Ponc scoth an ábhair siamsaíochta ar fáil agus is pointe teagmhála taitneamhach tarraingteach iad don Ghaeilge i gcomhthéacs atá iomlán éagsúil ón scoil.

Thuill cláir ceoil, faisnéise agus clúdach spóirt an chainéil moladh ar leith do TG4. Tá cáil ar leith ar a shobaldhráma Ros na Rún agus ar an tseirbhís shainiúil ó Nuacht TG4.

TG4Crew
 

Fostaíocht

Tá foireann 80 duine, ó gach ceard d’Éirinn, fostaithe ag TG4 ina Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara.

Tá tábhacht ar leith leis an bhfostaíocht ardscile a chothaíonn TG4 sna Gaeltachtaí. Tá an tseirbhís ar cheann de na hinfheisteoirí is mó agus is tábhachtaí do thodhchaí na Gaeltachta.

 

Craoladh

Craoltóir seirbhíse poiblí is ea TG4. Tá dualgais agus feidhm TG4 (Teilifís na Gaeilge) leagtha síos san Acht Craolacháin 2009. Dáréag comhaltaí atá ar an mbord agus is í Siún Ní Raghallaigh an Cathaoirleach. Tá dualgas reachtúil ar RTÉ soláthar clár Gaeilge 365 uair an chloig sa mbliain a dhéanamh do TG4.
 

Seirbhís Phoiblí

Tá TG4 ar an togra Gaeilge is dearfaí agus is airde próifíl ón Rialtas le caoga bliain. Tá lán-tacaíocht faighte aige ó gach Rialtas agus ó gach páirtí polaitiúil ó 1992.

Deimhníonn taighde ghairmiúil go bhfuil TG4 ag sásamh a chroí lucht féachana sa nGaeltacht agus ar fud na tíre mar aon le bheith ag mealladh lucht féachana níos leithne.

Tá cearta eisiacha in Éirinn ag TG4 ar roinnt comórtas spóirt – comórtais sraithe, club agus faoi 21 CLG ina measc mar aon le cearta rugbaí ar chomórtais Guinness PRO14 agus an Tour de France.