Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Treoirlínte

 

Caighdeáin Theicniúla

Tá sonraíocht chuimsitheach bheacht leagtha síos ag TG4 i gcáipéis a chuimsíonn gach gné de na caighdeáin theicniúla atá riachtanach ina chuid clár, idir bheo agus thaifeadtha. Más mian leat riachtanais an chainéil i leith na gcaighdeán agus na sonraíochtaí seo – fhíse, fhuaime, theicniúil, sheachadadh téipe, bheochraolta agus eile – a fháil, brúigh anseo.

Treoirlínte Iar Léiriúcháin

Lean na treoirlínte Iar léiriúcháin anseo. Is féidir an Logo agus clár deirigh a bhfuil tagairt déanta dó ins na Treoirlínte a íoslódáil anseo (www.tg4.ie/treoir).

Caighdeáin Theicniúla Gearrfhoirm

Caighdeáin Theicniúla Gearrfhoirm ar fáil anseo … Cliceáil Anseo

Foirm Scaoileach do Dhaoine Páirteach i gclár

Caithfidh gach duine a bhíonn rannpháirteach go cruthaitheach i gclár – amhránaí, damhsóir, aisteoir, agallóir, scríbhneoir, cumadóir, léiritheoir, stiúrthóir – an fhoirm seo a shíniú.

Glanadh Cearta Ceoil

Is gá bileog cheoil a sheoladh leis an gclár críochnaithe chuig TG4 in a bhfuil eolas iomlán – fad an phíosa ceoil, cumadóir, foilsitheoir, an lipéad ceirníní &rl. I gcás gur ceol beo atá in úsáid, ba chóir do na ceoltóirí ar fad an fhoirm scaoileach rannpháirtíochta a shíniú agus í a sheoladh isteach leis an mbileog chiúála cheoil.

Íomhánna

Is bunriachtanas do phoiblíocht iad íomhánna ardtaifigh, atá comhdhéanta mar is ceart. Ní ghlacann an chuid is mó de na meáin chlóite le seatanna scáileáin mar nach mbíonn siad ar chaighdeán sách maith. Ba chóir na híomhánna a ghlacadh le ceamara proifisiúnta (SLR digiteach) agus ba cheart gur duine a bhfuil cur amach aige/aici ar chomhdhéanamh, fócas, soilsiú agus ar Photoshop a ghlacfaidh na híomhánna. Teastaíonn 5-6 íomhá don tsraith agus 5-6 íomhá eile do gach clár.
Príomhriachtanais:
Íomhánna ardtaifigh 300 dpi 3mb ar a laghad.
Príomhphictiúir: Grianghraif a léiríonn comhthéacs nó scéal an chláir/na sraithe agus a mbeidh tionchar físiúil acu, mar shampla grianghraif den láithreoir ag breathnú ar an gceamara, pictiúir den chliar etc.
Eipeasóideach: Grianghraif a léiríonn aicsean nó scéal an chláir sin agus bíodh rannpháirtithe an chláir sin san áireamh le teidil.
Portráid agus Tírdhreach: Meascán den phéire do na meáin chlóite. Beidh íomhánna i bhfoirm Tírdhreacha ag teastáil don láithreán gréasáin agus don fháscadh siar ar an aer.
Caighdeán: Tá caighdeán na n-íomhánna fíorthábhachtach do phoiblíocht. Caithfidh an taifeach agus an comhdhéanamh a bheith ar ardchaighdeán, le soilsiú maith, i bhfócas, le tionchar físiúil agus araile. Faigheann na pictiúir leis an gcaighdeán is fearr an phoiblíocht is fearr.

Scannán Cartlainne / Sean Phictiúirí

Caithfear ceadúnas scríofa a fháil ó úinéir na gcearta d’aon mhír chartlainne/seanphictúirí a úsáidfear sa chlár. D’fhéadfadh go mbeadh glanadh cearta níos leithne ag teastáil más comhléiriú é seo nó má tá maoiniú ag teacht ó fhoinsí eile.

Páipéarachas Dlí – Ginearálta

Nuair a bheidh an clár críochnaithe á sheoladh agat chuig TG4 caithfear na sonraí cláir agus an fhoirm chóipchirt atá ceangailte leis an gconradh a líonadh amach agus a thabhairt do TG4, mar aon le cóipeanna de gach cáipéisíocht glanta cearta eile atá luaite thuas. Ba chóir duit na bunchóipeanna a choinneáil slán dod chomhad féin.

Úsáid Lógó TG4

Chun Treoireacha ar úsáid Lógó TG4 … Cliceáil Anseo.

Treoirlínte Fotheidil TG4

Treoirlínte Fotheidil TG4 … Cliceáil Anseo.