Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Díolacháin

 

Fógraíocht

Fógraíocht
Craolann TG4 20 uair a chloig in aghaidh an lae, ar fáil ar Saorview, ar Chábla agus ar árdán Sky. Tapaidh an deis fógraíocht a dhéanamh le linn sceideal TG4. Is féidir le fógraí a bheith 10, 20 nó 30 soicind ar fhaid.

Urraíocht
Is féidir deiseanna Urraíochta ar réimse clár i Sceideal TG4 a phlé le bainisteoir Urraíochta TG4 i PostTV. Féach ar na deiseanna Urraíochta is déanaí faoin rannóg ‘Nua’ ar an suíomh seo.

Web
Tá deiseanna fógraíocht a dhéanamh ar shuíomh www.tg4.ie ag a bhfuil trácht domhanda. Tá réimse leagain do fhógraíocht idirlínne ar fáil – déan teagmháil linn len iad a phlé.

Seinnteoir TG4
Tá seinnteoir TG4 ar fáil ar fud an domhain ag: www.tg4.tv. Tá App don iPad ar fáil chomh maith, le íoslódáil saor in aisce. Aimsíonn TG4 lucht féachana ó chian agus ó chóngar don ábhar clár Gaeilge atá ar fáill ar TG4.tv. Is féidir fógraí a rith le linn cláracha TG4 ar an seinnteoir, mar réamh-fhógraí, lár fógraí nó fógraí críche. Déan teagmháil linn len iad a fhiosrú.

Lucht Féachana

Le breis is leath mhiliún ag féachaint ar an gcainéal gach lá agus le scair de 2%, tá TG4 mar rogha féachana ag mórán den phobal. Taispeáineann an t-eolas thíos cuid de na cláracha is mó féachana ar TG4 maraon le buntáistí TG4 mar rogha fógraíochta.

  • Cláracha is mó féachana de réir cineál
  • Níos lú tranglam
  • Nodanna treorach ag braith ar lucht féachana

Treoirlínte Craolta

Lean na treoirlínte atá faoi iamh le deimhniú go mbeidh do fhógraí ar an aer in am agus ar an gcaighdeán is airde.

  • Treoirlínte don chliant maidir le stoingí i mbearta contra agus in urraíocht ar chláir TG4

Do fhógra as Gaeilge

Ar mhaith leat do fhógra a bheith ag rith as Gaeilge?

Más mian leat leagan Gaeilge dod’ fhógra a chruthú, cuideoidh muid leat.

Beidh an t-eolas seo a leanas ag teastáil uainn:

  • Cóip den fhógra le fuaimrian glan M&E tracks agus le graificí glan
  • Ríomhphost le liosta do na graificí / téacs atá le feiceáil ar scáileán
  • Ríomhphost le script atá uait
  • Ríomhphost le do rogha – glór fear nó glór ban.

Fógra le cruthú agat?

Más mian leat fógra a chruthú as an nua, cuideoidh muid leat:

Coinnigh cuimhne – bíonn blas ar an mbeagán – is fearr a oibríonn teachtaireacht gonta shoiléir amháin ná fógra atá ró fhoclach nó ró fhada. Coinnigh simplí é.

Is féidir roghnú idir bun fhógra nó fógra níos snasta.

Bun Fhógra

10 – 15 soicind ar fhaid; Graific & téacs ar scáileán agus taifead ar ghlór.

Seol chugainn:

  • Íomhá / Graific- Árd Ghléine. 1920 x 1080 pixels
  • Logo – le cainéal Alpha
  • Glacfar leis na formaidí seo a leanas don ghraific: TIFF / EPS / PNG
  • Aon téacs a mhaith leat a bheadh scríofa ar scáileán
  • An script a mhaith leat a bheadh le clos
  • Ceol atá ag teastáil (ceol leabharlainne is fearr)
  • Treoir don té a bheidh i mbun guthú – cén tón / mothú atá uait sa nglór. An mb’fhearr leat glór fear nó bean?

Pacáiste Snasta

15 – 20 soicind ar fhaid; ábhar beochan nó físeán le téacs ar scáileán agus taifead ar ghlór

Seol chugainn:

  • Ábhar Beochan nó Físeáin (HD más féidir)
  • Aon téács atá uait scríofa ar scáileán
  • An script a mhaith leat a bheadh le clos
  • Ceol atá ag teastáil (ceol leabharlainne is fearr)
  • Treoir don té a bheidh i mbun guthú – cén tón / mothú atá uait sa nglór. An mb’fhearr leat glór fear nó bean?

Fógraíocht ar an Idirlínn

Is féidir linn fógraí Idirlínne a chruthú freisin, mar chomhaid jpeg bunaithe ar an logo agus na h-íomhánna a sheolann tú chugainn.