Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

 

Spriocanna 2021

Léiriú Ábhar do MOLSCÉAL Roimh Dé hAoine 1ú Deireadh Fómhair
Léiriú Míreanna Láithreachais do CÚLA4 Roimh Dé hAoine, 22ú Deireadh Fómhair
BLOC TG4 – Ábhar Gearrfhoirme Roimh Dé hAoine 29ú Deireadh Fómhair
Gradam Ceoil TG4 – Ollsoláthar Léirithe ceithre bliana Roimh Dé hAoine 29ú Deireadh Fómhair

 


LÉIRIÚ ÁBHAR do MOLSCÉAL

i gConamara, An Rinn, Maigh Eo, Dún na nGall, Tuaisceart Éireann, Ráth Chairn agus Baile Átha Cliath

I bhFómhar na bliana 2018, chuir TG4 tús leis an mbranda nua Neamhlíneach, MOLSCÉAL, atá dírithe ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá rath ar MOLSCÉAL ó shin agus bíonn nach mór dhá mhilliún amharc físe ar fhíseáin MOLSCÉAL in aghaidh na bliana ar na meáin shóisialta.

Cuireann TG4 fáilte roimh comhlachtaí léirithe a bheadh in ann cúram léiriúcháin a dhéanamh do scéalta físe a chruthú ar bhonn rialta a bheadh mar chranntaca do Molscéal sna ceantair Ghaeltachta Conamara, An Rinn, Maigh Eo, Dún na nGall, Tuaisceart Éireann, Ráth Chairn agus Baile Átha Cliath.

Spriocdháta: 1 Deireadh Fómhair, 2021

Is féidir breis eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le TG4 via Lís Ní Dhálaigh nó Deirdre Ní Choistín.
 
Tuilleadh Eolas… Brú Anseo…
 
 
 


Léiriú Míreanna Láithreachais do CÚLA4

Cuireann TG4 fáilte roimh comhlachtaí léirithe a mbeadh suim acu ábhar rialta a chruthú do Cúla4.

Chuirfeaí fáilte roimh Léiritheoirí a mbeadh ar a gcumas scéalta físe áitiúla ó dhaoine óga ins na Gaeltachtaí agus ins na pobail Gaeilge a sholáthar ar bhonn séasúrtha a bheadh le craoladh le linn Cúla4. Bheadh na míreanna Láithreachais seo le feiceáil idir chláracha ar teilifís agus freisin ar árdáin neamhlíneacha Cúla4.

Is comhlachtaí atá á lorg a bhfuil eolas acu ar phobail óige na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus a bhfuil Foireann faoina gcúram atá in ann pacáistí a chruthú ar mhúnla físiúil.

Bheadh súil le soláthar ar bhonn seasúrtha a thugann scáthán ar ghasúir óga le Gaeilge agus sa Ghaeltachta. Bheadh ábhar ag léiriú daoine óga le Gaeilge ó gach cearn den tír, ach ag díriú go mórmhór ar cheantair Gaeltachta agus clúdach leathan a thabhairt do na canúintí éagsúla.

Spriocdáta: Dé hAoine, 22 Deireadh Fómhair

Is féidir breis eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le TG4 via Siobhán Ní Bhrádaigh nó Colmán Mac Séalaigh
 
Tuilleadh Eolas… Brú Anseo…
 
 
 


BLOC TG4 – Ábhar Gearrfhoirme

Ba mhaith le BLOC TG4 ábhar gearrfhoirme úr, nuálach agus siamsúil a choimisiúnú a mheallfaidh lucht féachana óg idir 16-34 bliain d’aois, le béim ar leith ar an aoisghrúpa faoi 25. Beidh an t-ábhar digiteach seo, a bheidh den luach léirithe is airde, cruthaithe go príomha d’ardáin BLOC TG4 ar líne (Seinnteoir TG4, YouTube, IGTV srl). Beidh an t-ábhar is feiliúnaí le craoladh ar chainéal teilifíse TG4 chomh maith.

Táimid sa tóir ar dhaoine cumasacha cruthaitheacha, idir stiúrthóirí, scríbhneoirí agus dhaoine nua ar scáileán a thabharfaidh fuinneamh agus dearcadh nua trí ábhar samhailteach a chruthú a spreagfaidh Gaeil óga. Ba chóir do na smaointe a bheith nuálach, uaillmhianach, cruthaitheach agus dúshlánach i dtaobh ábhair, stíle agus cuir chuige agus é mar aidhm acu Gen Z a chur ag gáire, ag machnamh, ag argóint agus ag caint linn. Ní mór do gach coincheap oibriú go nádúrtha i nGaeilge agus iad a bheith léirithe go príomha dóibh sin a labhraíonn í go rialta. Ach táimid ag súil leis an ton, greann agus ábharthacht a bheidh ag an ábhar seo le go mbeimid in ann lucht féachana óg níos leithne a mhealladh agus a spreagadh i dtreo na teanga chomh maith.

Spriocdháta: Dé hAoine an 29 Deireadh Fómhair 2021

Is féidir breis eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh i TG4 le laura.ni.cheallaigh@tg4.ie & roisin.ni.thuairisg@tg4.ie.
 
Tuilleadh Eolas… Brú Anseo…
 
 
 


Gradam Ceoil TG4 – Ollsoláthar Léirithe ceithre bliana

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar Ghradam Ceoil TG4 a léiriú agus a chraoladh beo ar feadh ceithre bliana – 2022, 2023, 2024, 2025.

Is é Gradam Ceoil TG4 buaic-chlár ceoil agus ealaíne na seirbhíse agus tá sé ar cheann de na hócáidí is mó i bhféilire an cheoil traidisiúnta. Le béim ar an siamsaíocht, meallann Gradam Ceoil TG4 lucht féachana leathan, náisiúnta. Beidh Gradam Ceoil bliain is fiche cúig bliana ar an bhfód i 2022. Aitheantas atá sna Gradaim do scoth an cheoil agus na hamhránaíochta i sé chatagóir. Go dtí seo i stair na nGradam, ba cheolchoirm mhór a bhí i gceist a chraoltaí beo ó ionad ina mbíodh lucht féachana mór i láthair. Táimid ag súil go dtiocfaidh fás air sna ceithre bliana atá amach romhainn le bheith ina imeacht ilmheánach le go mbeadh sé mealltach do gach aoisghrúpa agus do lucht féachana leathan lasmuigh don chroí-lucht féachana do cheol traidisiúnta ar TG4.

Beidh an ceol i gcroílár na hócáide i gcónaí, agus ba cheart béim a chur ar an siamsaíocht agus ar an gcruthaíocht. Ainmneofar buaiteoirí an sé réimse go neamhspleách ón léiriú. Cuirtear fáilte roimh mholtaí i dtaobh gnéithe digiteacha a áireamh sa léiriú a dhéanfadh sainiúlacht agus úireacht gach duine den seisear a thaispeáint go físiúil ar an scáileán ar bhealach atá spleodrach agus nuálach.

Ba cheart iarratais a sheoladh ar chóras eCoimisiún TG4 https://ecomm.tg4.ie tríd an rogha ‘Gradam Ceoil TG4 2022’ faoin Aoine, 29 Deireadh Fómhair 2021.

 
Tuilleadh Eolas… Brú Anseo…

 
 
 


Comhlacht a chlárú nó Iarratas a Uaslódáil

Is féidir áis e-coimisiúnú TG4 a úsáid chun do [ Chomhlacht a Chlárú ] nó/agus do [ Iarratas a Uaslódáil ] anseo.
 


 

Físeán Traenáil Albert