Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Príobháideachas

 

Ráiteas Príobháideachais TG4

Tugann TG4 ómós do phríobháideacht gach duine a thugann cuairt ar a suíomh idirlín (folóidh an téarma suíomh idirlín tg4.ie, tg4.com, tg4.tv, cula4.com, ponc.com agus aon suímh idirlín eile de chuid TG4 ó am go ham). Tugtar sracléiriú sa Ráiteas Príobháideachta seo maidir le bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta a chruinníonn TG4 ó úsáideoirí an tsuímh idirlín seo. Féadfaimid an Ráiteas Príobháideachta a uasdátú ó am go chéile chun go n-áireofar aon athruithe ar an teicneolaíocht nó ar an reachtaíocht a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don tslí ina ndéanaimid do chuid faisnéise pearsanta a phróiseáil. Aon phróiseáil ar do chuid faisnéise pearsanta arna cruinniú ag TG4 mar thoradh ar an úsáid a bhaineann tú as an suíomh idirlín seo, rialaítear í le forálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (arna leasú) ar Achtanna de chuid na hÉireann iad, an tAcht um Chosaint Sonraí 2018 agus na Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí 2018 (“GDPR”)

Níl TG4 freagrach as cleachtais phríobháideachta aon suíomh idirlín seachtrach a bhféadfaí rochtain a fháil orthu tríd an úsáid a bhaineann tú as an suíomh idirlín seo. Tá a gcuid ráiteas príobháideachta féin ag na suímh idirlín tríú páirtí sin agus ba chóir duit breathnú ar an mbeartas atá acu ó thaobh príobháideachta agus fianán.

Is é is aidhm leis an mbeartas príobháideachta seo a mhíniú conas mar a dhéanannwww.tg4.ie an fhaisnéis phearsanta a chruinníonn sé fútsa tríd an úsáid a bhaineann tú as suíomh idirlín TG4 a bhailiú agus a úsáid. Cinnteoidh TG4 go ndéanfaidh sí an fhaisnéis phearsanta go léir a sholáthraíonn tú a choinneáil de réir na n-oibleagáidí atá uirthi faoin reachtaíocht reatha maidir le Cosaint Sonraí agus GDPR.

Go ginearálta, ní úsáidfear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú do TG4 ach amháin laistigh de TG4 agus ag a cuid gníomhairí agus soláthraithe seirbhíse. Nochtfar do chuid faisnéise, áfach, i gcás go bhfuil oibleagáid orainn nó cead againn de réir dlí sin a dhéanamh. Ina theannta sin, má dhéanann tú ábhar ionsaitheach, míchuí nó conspóideach a chur suas ar TG4 nó a chur chuig TG4 nó má ghabhann tú d’aon iompar suaiteach ar www.tg4.ie, féadfaidh TG4 cibé faisnéis fútsa atá ar fáil di a úsáid chun deireadh a chur leis an iompar sin. D’fhéadfaí a áireamh air sin an t-ábhar agus an t-iompar a chur in iúl do thríú páirtithe amhail d’fhostóir, an soláthraí ríomhphoist/idirlín scoile atá agat agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí.

Nuair a sholáthraíonn tú aon fhaisnéis phearsanta do TG4 (msh. le haghaidh comórtas) tá oibleagáidí dlí orainn i do leith maidir leis an tslí a n-úsáidimid na sonraí sin. Ní mór dúinn an fhaisnéis a bhailiú ar shlí chothrom, is é sin le rá, ní mór dúinn míniú a thabhairt i dtaobh conas a úsáidfimid í (féach na fógraí ar leathanaigh idirlín áirithe ar a mínítear duit cén fáth go n-iarraimid an fhaisnéis) agus ní mór dúinn é a rá leat más mian linn an fhaisnéis a thabhairt d’éinne eile (a iarraidh ort do thoiliú a thabhairt dúinn í a thabhairt do thríú páirtithe).

Cén fhaisnéis phearsanta a bhailíonn TG4 nuair a thugaim cuairt ar a suíomh idirlín?

Nuair a chuireann tú isteach ar chomórtas de chuid TG4, féadfaidh TG4 faisnéis a bhailiú faoi do sheoladh poist nó ríomhphoist. Má cheannaíonn tú aon rud ó Shiopa TG4 ar líne, d’fhéadfaimis sonraí a bheith againn faoin modh íoctha agus faoi do sheoladh.

D’fhéadfaí a iarraidh ort faisnéis phearsanta a sholáthar, ar nós uimhir do ghutháin póca, más mian leat páirt a ghlacadh i gcomórtais nó má chláraíonn tú le haghaidh seirbhísí foláirimh ríomhphoist a sholáthróidh TG4 ó am go ham. Ní nochtar an fhaisnéis sin d’aon tríú páirtí gan toiliú a fháil uait roimh ré.

Coinneoimid do chuid faisnéise pearsanta ar ár gcórais chomh fada agus a úsáideann tú an tseirbhís a d’iarr tú agus bainfimid í i gcás nach ndéantar an cuspóir sin a chomhall. I gcás go gcoinnítear faisnéis phearsanta de chuid daoine nár chláraigh go fóill ach a ghlac páirt i seirbhísí eile de chuid www.tg4.ie (msh. comórtais), coinneofar an fhaisnéis sin chomh fada agus is gá chun a chinntiú go gcuirtear an tseirbhís ar fáil gan stró. D’fhéadfadh go gcoinneoimis liosta de na buaiteoirí chun críocha cartlainne agus go gcraolfaimis iad sin ó am go ham. Cinnteoimid go ndéanfar an fhaisnéis phearsanta go léir a sholáthraítear a choinneáil ar bhonn slán agus de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (arna leasú) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018 agus GDPR.

Má thugtar fógra duit ar TG4.ie go bhféadfaí do chuid faisnéise pearsanta a úsáid chun go ndéanfaidh TG4 teagmháil leat “chun an tseirbhís a riaradh”, ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh TG4 teagmháil a dhéanamh leat le haghaidh roinnt cuspóirí a bhaineann leis an tseirbhís ar chláraigh tú lena haghaidh. Mar shampla, d’fhéadfadh gur mhian linn meabhrúcháin pasfhocal a thabhairt duit nó fógra a thabhairt duit gur cuireadh an tseirbhís áirithe ar fionraí chun í a chothabháil. Ní dhéanfaimid teagmháil leat chun críocha spreagthaí, ar nós fógra a thabhairt duit i dtaobh feabhsuithe ar an tseirbhís nó i dtaobh seirbhísí nua ar www.tg4.ie mura n-aontaíonn tú go sonrach go bhféadfar teagmháil a dhéanamh leat chun críocha den sórt sin an tráth a chuireann tú an fhaisnéis isteach ar an suíomh, nó tráth is déanaí ná sin má chláraíonn tú go sonrach chun faisnéis den sórt sin i dtaobh spreagthaí a fháil.

Tá naisc ar an suíomh www.tg4.ie chuig suímh tríú páirtí. Ní bhaineann an ráiteas príobháideachta seo leis na suímh sin agus níl TG4 freagrach as cleachtais phríobháideachta ná beartas fianán na suíomh tríú páirtí sin.

Má tá tú faoi 18 mbliana d’aois, iarr cead ar do thuismitheoir nó ar do chaomhnóir le do thoil chun do chuid faisnéise pearsanta a sholáthar dúinn.

Má tá aon cheisteanna agat i dtaobh an ráitis beartais seo, déan teagmháil le do thoil leis an deasc chabhrach ag webmaster@tg4.ie

Beartas Fianán – Faisnéis a bhailíonn TG4 uait

Is é atá i bhfianán méid beag sonraí a mbíonn aitheantóir uathúil ag gabháil leis go minic agus a chuirtear a chur chuig brabhsálaí do ríomhaire nó do ghutháin póca (dá ngairtear “feiste” anseo) ó ríomhaire suímh idirlín agus a stóráiltear ar thiomántán crua d’fheiste. Féadfaidh gach suíomh idirlín a fhianán féin a sheoladh chuig do bhrabhsálaí má cheadaíonn sainroghanna do bhrabhsálaí é, ach (chun do phríobháideacht a chosaint) ní cheadaíonn do bhrabhsálaí do shuíomh idirlín rochtain a fháil ach amháin ar na fianáin a chuir sé féin chugat cheana agus ní ar na fianáin a chuir suímh idirlín eile chugat. Déanann go leor suíomh idirlín an méid sin aon uair a thugann úsáideoir cuairt ar an suíomh d’fhonn sreabhadh tráchta ar líne a rianú.

Ar shuíomh idirlín TG4, déanann fianáin faisnéis i dtaobh do chuid sainroghanna ar líne a thaifeadadh agus tugann siad deis dúinn na nithe is spéis leat a chur san áireamh agus an suíomh á dhearadh. Bíonn an deis ag úsáideoirí a gcuid feistí a shocrú chun glacadh leis na fianáin go léir, chun fógra a thabhairt dóibh nuair a eisítear fianán chucu, nó gan aon fhianáin a fháil tráth ar bith. Is é a chiallaíonn an píosa deiridh sin nach féidir ina dhiaidh sin gnéithe féinoiriúnaithe a sholáthar don úsáideoir sin agus dá réir sin go mb’fhéidir nach mbeidh siad in ann leas iomlán a bhaint as gnéithe uile an tsuímh idirlín.

Le linn aon chuairt a thugann tú ar shuíomh idirlín TG4, déantar na leathanaigh a fheiceann tú, chomh maith le fianán, a íoslódáil chuig d’fheiste. Is féidir le faisnéis a sholáthraíonn fianáin dúinn cuidiú linn anailís a dhéanamh ar phróifíl na ndaoine a thugann cuairt (lena n-áirítear cuairteoirí idirnáisiúnta) agus cuidiú linn taithí níos fearr a thabhairt duit mar úsáideoir. Mar shampla, má chuaigh tú chuig cineál áirithe cláir agus tú ar cuairt roimhe, d’fhéadfaimis an méid sin a fháil amach ón bhfianán agus an cineál cláir sin a aibhsiú ar an gcéad chuairt eile nó ar chuairteanna ina dhiaidh sin a thugann tú.

Seo a leanas na fianáin atá in úsáid ar an láithreán:

Seinnteoir TG4

  • rtfl_s_870758_specific_site_session
  • __utma
  • BC_ACCOUNT
  • _ga
  • _bc_uuid
  • _hjid
  • _vwo_uuid_v2
  • _fby_site_
  • __utmz
  • _rtfl_s_unique_visitor_session
  • fs_uid
  • _ga
  • _pipe_c

Baintear úsáid as na fianáin ar fad thuas ar láithreán gréasáin TG4 agus go háirithe ar Seinnteoir TG4 – www.tg4.tv. Tá na fianáin de dhíth mar go gcuireann siad eolas ar fáil faoi chaighdeán an fhíseáin a chuirtear ar fáil. Cuireann an t-eolas seo ar chumas na foirne tacaíochta agus forbartha monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na seirbhíse agus é a fheabhsú agus fabhtcheartú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le caighdeán físeáin. Má dhéanann tú díchumasú ar na fianáin anailíseacha caighdeáin físeáin seo ní bhaileoidh Seinnteoir TG4 anailís ar chaighdeán na bhfíseán mar a seachadadh chugat iad.

TG4.ie

  • _ga
  • _gat
  • _gid
  • __auc
  • __asc
  • GeoCountry
  • GeoIP
  • swpm_session

Ní bhíonn aon tionchar ag na fianáin thuas ar do thaithí úsáideora agus ní stórálann siad aon eolas pearsanta. Déanann an bogearra na fianáin seo a leanas a chur isteach go huathoibríoch ach ní bhainimid leas astu in aon chineál bealach.

Google

  • IDE
  • ANID
  • NID
  • 1P_JAR
  • OGPC
  • CONSENT

Facebook

  • fr
  • datr
  • sb
  • wd
  • _fbp

Fianáin a Stopadh nó a Bhaint

Féadfaidh tú glacadh le fianáin nó iad a dhiúltú. Glacann formhór na mbrabhsálaithe gréasáin go huathoibríoch le fianáin ach is iondúil gur féidir leat iad a leasú sna socruithe brabhsálaithe chun fianáin a dhiúltú más fearr leat. Féach thíos maidir le treoracha chun fianáin a bhaint anuas de gach mórbhrabhsálaí idirlín agus soghluaiste ionas gur féidir leat eolas a chur ar bhealaí le fianáin a bhainistiú.

Cén chaoi a bhfuil a fhios agam go gcoinnítear mo chuid faisnéise pearsanta slán má roghnaím mo chuid sonraí a sholáthar le haghaidh seirbhísí ar an suíomh?

Tá na freastalaithe de chuid TG4 ar a gcoinnítear aon fhaisnéis phearsanta i gceanncheathrú TG4 in áiteanna slána. Ní dhéanann TG4 sonraí cártaí creidmheasa ná dochair a stóráil.

Cén chaoi a úsáidfidh TG4 mo chuid faisnéise?

Más rud é, mar thoradh ar aon chumarsáidí le TG4 tríd an suíomh, go bhfaigheann TG4 aon fhaisnéis phearsanta faoina cuid cuairteoirí, tugann TG4 ráthaíocht nach n-úsáidfear an fhaisnéis ach amháin chun na gcríoch ar chucu a bhailítear í agus nach ndéanfar í a dháileadh ná a úsáid chun aon chríche eile.

An dtugann sibh aon fhaisnéis phearsanta do thríú páirtithe?

Ní beartas TG4 é faisnéis phearsanta a thabhairt d’aon tríú páirtithe. Nuair a úsáideann daoine Siopa TG4, déanann soláthraí seirbhíse atá faoi chonradh ag TG4 an t-ordú a phróiseáil. Tá oibleagáid chonarthach ar an soláthraí seirbhíse faisnéis phearsanta a choinneáil chun na críche ar chuici a tugadh í agus gan aon fhaisnéis phearsanta a thabhairt d’aon tríú páirtithe. Ar an gcaoi chéanna, nuair a chaitheann daoine den phobal vóta i gcomórtais, déantar próiseáil an vóta a chur amach ar chonradh chuig soláthraithe seirbhíse. Tá na soláthraithe seirbhíse sin faoi oibleagáid chonarthach den tsamhail chéanna.

An aistríonn sibh aon chuid den fhaisnéis a bhailítear ón gcoigríoch chun aon chríoch eile?

Ní aistríonn TG4 aon fhaisnéis phearsanta ón gcoigríoch.

An ndéantar an suíomh idirlín a óstáil in Éirinn?

Déantar suíomh idirlín TG4 a óstáil in Éirinn.

Cé chomh fada agus a choinneoidh TG4 mo chuid faisnéise?

Tugann TG4 ráthaíocht freisin nach gcoinneofar faisnéis phearsanta níos faide ná mar is gá agus nuair nach mbaineann na críocha tosaigh chun ar bailíodh an fhaisnéis le hábhar a thuilleadh, ní choinneofar an fhaisnéis.

Cén chaoi is féidir liom cóip den fhaisnéis phearsanta a choinníonn TG4 fúmsa agus a bailíodh trí úsáid a bhaint as an suíomh idirlín seo a iarraidh?

Tá ceart ag aon phearsa aonair iarraidh ar rochtain a dhéanamh i scríbhinn faoi alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí chun cóip a fháil dá gcuid sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag TG4. Féadfaidh TG4 tuilleadh faisnéise céannachta a iarraidh sula scaoilfear an fhaisnéis.Tá 30 lá ag TG4 chun déanamh de réir na hiarrata ar rochtain, faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil díolúintí sonracha ann, faoi alt 21 den Acht um Chosaint Sonraí (Leasú) 2003, a bhaineann le faisnéis phearsanta a choinnítear chun críoch iriseoireachta, ealaíne agus litearthachta.

Más mian leat an fhaisnéis phearsanta a d’fhéadfadh a bheith ag TG4 fút a fheiceáil, cuir ríomhphost le do thoil chuig dp@tg4.ie nó cuir litir chuig

Jill Uí Dhuinn Bhig,
Oifigeach Cosanta Sonraí,
TG4,
Baile na hAbhann,
Co na Gaillimhe.

Tá faisnéis ghinearálta faoi Chosaint Sonraí ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin Cosanta Sonraí (www.dataprotection.ie) agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí má mheasann tú nach bhfuil TG4 ag comhlíonadh na gceanglas cosanta sonraí atá air. Mar eagraíocht a gceanglaítear uirthi clárú le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí, tá níos mó faisnéise faoin gcineál faisnéise a choinníonn TG4 ar fáil ar an gclár poiblí atá ar shuíomh an Choimisinéara freisin.