Is ar leanaí nuabheirthe agus ar phinsinéirí a bhí aird na bpáirtithe polaitiúla inniu agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar an dara seachtain stocaireachta d'olltoghchán an 29 Samhain.
Ba é meán lae inniu an sprioc am cláraithe d'iarrthóirí an olltoghcháin agus tá 682 iarrthóir cláraithe ina n-iarrthóirí anois ar fud na 43 Dáilcheantar.
Is i gCiarraí a bhí ceannaire Fhine Gael Simon Harris i mbun stocaireachta nuair a casadh a iar-leathbhádóir, Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, air i gCill Orlgan.
Bhí an dá pháirtí sin ag rá inniu go n-ardóidís an íocaíocht phinsin go €350 euro in aghaidh na seachtaine. Dúirt Fianna Fáil freisin go bhfaighidís réidh leis an tástáil acmhainne ar an liúntas cúramóra.
Faoi láthair is fiú €420 sa bhliain an pacáiste sochair tí a chuireann ceadúnas teilifíse saor in aisce ar fáil dóibh siúd os cionn 70 bliain d'aois. Tá Fine Gael ag moladh an sochar seo a chur ar fáil do dhaoine ó aois 66 bliain amach.
Ar thuismitheoirí a bhí Sinn Féin ag díriú inniu. I nGaillimh dúirt a gceannaire Mary Lou McDonald nach mbeadh ar thuismitheoirí níos mó ná €10 in aghaidh an lae a íoc as cúram leanaí dá mbeadh Sinn Féin i gcumhacht.
Dúirt Páirtí an Lucht Oibre go dtabharfaidís faoi athbhreithniú ar phá agus phinsean na bhfórsaí cosanta.
I mBaile Átha Cliath, agus é ag cur a chuid iarrthóirí olltoghcháin ar fad i láthair den chéad uair, dúirt ceannaire Aontú, Peadar Tóibín nach mbeadh sé sásta tacú le gach páirtí dá bhfaigheadh a pháirtí deis a bheith sa gcomhrialtas.
Ag canbhasáil i gceantar na Saoirsí san ardchathair, thug Pobal Seachas Brábús léargas ar na saincheisteanna is mó i mbéal an phobail i mBaile Átha Cliath Theas Lár.
Tuairiscíodh inniu gur chuir urlabhraí Tithíochta Chomhaontas Glas, Francis Noel Duffy, i gcoinne 330 teach a bhí ceadaithe ar thalamh in aice lena theach féin. Sa deireadh cuireadh an cead pleanála ar ceal, i ndiaidh athbhreithniú breithiúnach.
Chosain ceannaire Chomhaontas Glas, Roderic O'Gorman, a chomhghleacaí inniu, ag rá go raibh sé de cheart aige gearán pearsanta a dhéanamh.