Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cuardach in athuair do lánúin i dtuaisceart Átha Cliath

16 SAMHAIN 2024, 12:20

I gCoimín na Roinne in aice le Baile an Ridire atá an cuardach ar bun
Twitter Facebook

Tá tús curtha in athuair inniu ag na Gardaí ar a gcuardach ar thalamh portaigh i dtuaisceart Chontae Átha Cliath mar chuid dá bhfiosrúchán maidir le himeacht agus dúnmharú William Maughan agus Anastasija Varslavane i 2015.

Is i gCoimín na Roinne in aice le Baile an Ridire atá an cuardach ar bun ó inné.

Tuigtear go bhfuiltear ag díriú an chuardaigh ar stráice talún ar leith a tharraing aird an mhadra corpán atá in úsáid ag na Gardaí ina gcuid fiosruithe.

Bhí cónaí ar William Maughan agus Anastasija Varslavane i gcarabhán i mBaile Mhic Gormáin i gCo. na Mí, áit atá 10 nóiméad d'aistear cairr ó láthair an chuardaigh.

Anastasija Varslavane agus William Maughan

Chuir máthair William Maughan tuairisc a mic leis na Gardaí nuair nach dtáinig sé féin agus Anastasija Varslavane le bualadh léi maidin an 14 Aibreán 2015, mar a bhí socraithe acu.

Chuir na Gardaí tús le fiosrúchán daoine ar iarraidh agus ansin i Meán Fómhair 2016 thosaigh siad fiosrúchán dúnmharfa.

Gabhadh seachtar sa bhfiosrúchán go dtí seo ach níor cúisíodh aon duine.