Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bannaí eitithe do lánúin atá cúisithe as na milliúin a sciúradh

16 SAMHAIN 2024, 17:23

Gabhadh Jixu Wang agus a bhean chéile Ye a bhfuil seoladh acu sna Céadrais, Bóthar Abhóca, an Charraig Dhubh Dé Máirt
Twitter Facebook

Tá lánúin phósta atá cúisithe maidir leis na milliúin Euro a sciúradh curtha siar faoi choinneáil ag Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath.

Sa chúirt ag am lóin inniu diúltaíodh bannaí do Jixu Wang (35 bliain d'aois) agus a bhean chéile Ye Wang (34 bliain d'aois) a bhfuil seoladh acu sna Céadrais, Bóthar Abhóca, an Charraig Dhubh i gCo. Átha Cliath atá cúisithe faoi Alt a 7 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010.

Dúirt an Bleachtaire Garda Barry Cusack ó Aonad Eacnamúil Bhaile Átha Cliath Thoir, gur gabhadh an lánúin Dé Máirt tar éis do na Gardaí a n-árasán a chuardach.

Tugadh chuig Stáisiún Gardaí na Carraige Duibhe iad mar chuid de fhiosrúchán idirnáisiúnta a bhfuil Europol agus póilíní ó roinnt tíortha eile san Eoraip páirteach ann.

Dúirt an Bleachtaire Garda Cusack leis an chúirt nach dtug ceachtar den bheirt chúisí aon fhreagra nuair a chuir sé ar ramhadh iad faoi na cúiseanna.

Chuir na Gardaí in aghaidh bannaí de bharr a thromchúisí is atá na cúiseanna ina n-aghaidh.

Dhiúltaigh an Breitheamh Campbell bannaí dóibh agus chuir sé an bheirt siar faoi choinneáil go dtí an Chéadaoin seo chugainn.