Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Forógraí toghcháin Fhine Gael agus an Lucht Oibre á seoladh inniu

17 SAMHAIN 2024, 13:24

Molann Fine Gael infheistíocht €1 billiún le hamanna feithimh a ghiorrú do leanaí faoi míchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Twitter Facebook

Tá Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag nochtadh a gcuid forógraí toghcháin inniu mar chuid dá n-iarrachtaí vótóirí a mhealladh. Tá Sinn Féin ag díriú ar an chostas maireachtála.

Cuirtear béim i bhforógra Fhine Gael a sheol a gceannaire Simon Harris i gCo. Thiobraid Árann, ar infheistíocht i seirbhísí poiblí agus ar chostas cúraim leanaí a laghdú.

Tá an "Scéim Dearcáin" mar a thugann Fine Gael air, dírithe ar phlean coigiltis do leanaí nuabheirthe. Chuirfeadh an Stát €1,000 isteach i gcuntas coigiltis do gach leanbh nuabheirthe agus €1,500 i gcuntas do leanaí ó theaghlaigh nach bhfuil chomh h-acmhainneach céanna.

Bheadh sé de rogha ag tuismitheoirí suas le €2,000 in aghaidh na bliana a lóisteáil sa chuntas sin ar ráta úis 4%. D'fhágfadh sin go mbeadh €53,316 sa chuntas nuair a shlánódh an páiste ocht mbliana déag amach. Ní bheadh cead ag an pháiste baint den chuntas go dtí sin.

I measc na moltaí eile tá infheistíocht de €1 billiún le hamanna feithimh a ghiorrú do leanaí faoi míchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Geallann an páirtí 6,000 garda breise a earcú chomh maith le leas a bhaint as ceamaraí coirp agus teicneolaíocht aitheanta aghaidhe do na Gardaí.

Molann an páirtí chomh maith nach n-íocfaidh aon duine ar an meán tuarastal, an ráta cánach is airde.

Molann Páirtí an Lucht Oibre foirgnimh na Feidhmeannachta Sláinte a athchóiriú mar lóistín do oibrithe sláinte

Páirtí an Lucht Oibre: Lóistín Stáit d'Oibrithe Bunriachtanacha

Tá Páirtí an Lucht Oibre ag seoladh a bhforógra toghcháin i mBaile Átha Cliath.

I measc na moltaí tá an dara íocaíocht sochair leanaí agus íocaíocht maidir le costas a bhaineann le míchumas.

Geallann an páirtí bliain iomlán íoctha de shaoire tuismitheora chomh maith le sochar máithreachais a bheidh bunaithe ar thuarastal na máthar.

Tá moltaí ag an pháirtí le lóistín a chur ar fáil sna príomh chathracha do oibrithe bunriachtanacha agus do oibrithe riachtanacha eile san earnáil phoiblí. Deir Páirtí an Lucht Oibre go ndéanfaí seo trí mhaoin fholamh na Feidhmeannachta Sláinte a athchóiriú agus lóistín a thabhairt iontu do oibrithe an chórais sláinte.

Geallann Sinn Féin praghas an bhreosla a laghdú thar 5 bliana

Sinn Féin: Costas Maireachtála

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a bhí i mbun canbhasála i mBaile Átha Cliath go laghdóidh Sinn Féin praghas an pheitril agus an díosail as seo go ceann 5 bliana má bhionn an páirtí i gcumhacht. Dúirt sí gur ionann na laghduithe agus ísliú €7 ar thanca peitril.

Gheall sí freisin dhá ardú a cheadaigh an Rialtas le déanaí ar chostas breosla a chur ar ceal mar gur in Éirinn atá ceann de na rátaí cánach is airde ar pheitreal agus díosal san Eorpaip.

Dúirt sí gur chuir Fianna Fáil agus Fine Gael €12 breise le costas tanca breosal ó tháinig siad i gcumhacht sa Rialtas seo.

Gheall sí chomh maith go gcúiteodh rialtas Sinn Féin na harduithe dola atá le teacht i bhfeidhm i mí Eanáir.