Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ochtar gafa ag agóid ag Aerfort na Sionna

18 SAMHAIN 2024, 09:49

Níor cuireadh as do ghnó an Aerfoirt agus an agóid ar son na Mhuintir na Palaistíne ar siúl tráthnóna inné.
Twitter Facebook

Tá ochtar a gabhadh inné ag agóid ag Aerfort na Sionna cúisithe agus iad le tabhairt os comhair cúirte amach anseo.

Ceathrar fear agus ceathrar ban a gabhadh ag an slógadh a bhí eagraithe ag lucht feachtais ar son na Palaistíne.

Idir 21 agus 56 bliain d'aois atá siad, daoine as Co an Chláir, Gaillimh, Luimneach, Ciarraí, Corcaigh agus Baile Átha Cliath.

Chruinnigh lucht na hagóide ag an aerfort le léirisiú in aghaidh an leas atá Fórsaí Armtha na Stát Aontaithe ag baint as an ionad.

Deir siad go bhfuil buamaí agus armlón eile á iompar thrí aerspás na hÉireann ar a mbealach go hIosrael le caitheamh le muintir Ghaza agus le muintir na Liobáine.

Deir Aerfort na Sionna nár cuireadh as do phaisinéirí ná d’eitiltí le linn na hagóide.

Gabhadh beirt an mhí seo caite ag léirsiú eile dá leithéid ag an aerfort.